Scéim Fíorúcháin um Shonraí Geografacha d'Uisce Beatha Éireannach agus Poitín Éireannach

Táillí

I gcás gach ceann de na próisis aonair táirgeachta a dteastaíonn fíorú lena aghaidh ó na Coimisinéirí Ioncaim, ní mór don iarratasóir an táille cuí a íoc..

Táillí fíorúcháin na gCoimisinéirí Ioncaim
PróiseasTáille
Grúdaireacht €250
Coipeadh €250
Driogaireacht €250
Aibiúchán €250
Meascadh, buidéalú agus lipéadú €250

Mar shampla, i gcás saoráid ina dtarlaíonn grúdaireacht, coipeadh agus driogaireacht, íocfar €750 in iomlán le haghaidh fíorúcháin. I gcás saoráid atá i mbun na céime deiridh buidéalaithe amháin, íocfar €250. Má tharlaíonn na céimeanna uile táirgeachta ag an tsaoráid, is é an táille fíorúcháin iomlán a íocfar ná €1,250.

Má tharlaíonn na próisis i láithreacha éagsúla, ní mór foirm iarratais ar leithligh a thíolacadh le haghaidh gach saoráide. (Mar shampla, má dhéanann trádálaí meascadh ag saoráid amháin agus buidéalú ag saoráid eile). Ní mór duit táille ar leithligh a íoc le haghaidh gach próiseas ag gach áitribh.

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl do thrádálaithe faoi cén uair agus cén chaoi le híocaíocht a dhéanamh.

Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn mura bhfíoraítear m'áitreabh?