Scéim Fíorúcháin um Shonraí Geografacha d'Uisce Beatha Éireannach agus Poitín Éireannach

Léargas ginearálta

Tá scéim um shonraí geografacha ar bun le haghaidh uisce beatha Éireannach agus poitín Éireannach. Ciallaíonn sé seo más mian leat lipéadú nó margaíocht a dhéanamh ar do tháirgí mar:

  • uisce beatha Éireannach
  • poitín Éireannach

ní mór duit riachtanais áirithe a leanúint.Tá na riachtanais seo leagtha amach sna sonraíochtaí táirge (Comhad Teicniúil) atá scríofa ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM).

Sula dtosaíonn tú ar do chuid oibríochtaí, ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Fíoróidh muid go bhfuil t-áitreabh ina ndéanfaidh tú do tháirgí a mhonarú agus a phróiseáil de réir na riachtanas sa Chomhad Teicniúil.

Ar aghaidh: Céard is Sonra Geografach ann?