Scéim Fíorúcháin um Shonraí Geografacha d'Uisce Beatha Éireannach agus Poitín Éireannach

Céard is Sonra Geografach ann?

Is comhartha é Sonra Geografach gurb as réigiún ar leith é táirge áirithe, rud a thugann cáilíocht, clú nó saintréith eile don táirge. Is samplaí Éireannacha iad Bradán Chliara, Uaineoil Sléibhe Chonamara agus Blaa Phort Láirge.

Ó mhí Eanáir 2016, tá Sonra Geografach ar bun le haghaidh uisce beatha Éireannach agus poitín Éireannach. Más mian leat margaíocht a dhéanamh ar tháirge mar:

  • uisce beatha Éireannach
  • poitín Éireannach

ní mór duit cloí leis na riachtanais atá leagtha amach sna Comhaid Theicniúla.

Tá roinnt eagraíochtaí rialtais ag obair as lámha a chéile ar an Sonra Geografach le haghaidh uisce beatha Éireannach agus poitín Éireannach.

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) freagrach as an scéim fhoriomlán agus is iad a scríobh na Comhaid Theicniúla.Tá an RTBM freagrach chomh maith as gníomhartha forfheidhmiúcháin maidir le neamhchomhlíontacht leis na gComhad Teicniúil.

Tá an Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBE) freagrach as an reachtaíocht bia uile a fhorfheidhmiú in Éirinn.

Tá an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as forfheidhmiú maidir le lipéid neamhchomhlíontacha.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as na seiceálacha fíorúcháin Sonra Gheografaigh ar uisce beatha Éireannach agus poitín Éireannach.

Ar aghaidh: Céard is fíorúchán ann?