Scéim Fíorúcháin um Shonraí Geografacha d'Uisce Beatha Éireannach agus Poitín Éireannach

Céard a tharlaíonn mura bhfíoraítear m'áitreabh?

Mura bhfuil an tsaoráid ag oibriú de réir an Chomhaid Theicniúil, diúltóidh nó tarraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim an fíorúchán siar. Nuair a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim thú ar an eolas faoi seo, beidh 14 lá agat le hachainí a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca leis an gcinneadh. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cinneadh tosaigh a dheimhniú nó a athrú ansin.

Má dhiúltaíonn nó má tharraingíonn na Coimisinéirí Ioncaim an fíorúchán siar, beidh ort an cheist a réiteach agus ath-iarratas a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le fíorúchán a fháil. Éireoidh le d’iarratas nuair a fhéadann tú a léiriú go gcomhlíonann do phróisis agus córais táirgeachta na riachtanais Sonraí Geografacha. Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim d'áitreabh a fhíorú freisin.

Nuair a fhaightear fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh:

  • Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBE)
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM)

cinneadh i leith an ghnímh forfheidhmiúcháin chuí atá le tógáil. Braithfidh an cineál gnímh forfheidhmiúcháin ar an gcás sonrach.