DAC6
Conas tuairisceán DAC6 a thíolacadh
Má tá dualgas ort socraíocht, Council Directive (EU) 2018/822 (DAC6) a thuairisciú, ní mór duit é sin a dhéanamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun tuairisceán a thíolacadh, beidh ort clárú le haghaidh oibleagáid tuairiscithe DAC6. Mura bhfuil teacht agat ar ROS, ní mór duit clárú mar eintiteas tuairiscithe. Féadtar é seo a dhéanamh ach Foirm Clárúcháin le haghaidh Eintiteas Tuairiscithe a chomhlánú.
Más gníomhaire thú atá ag déanamh ionadaíochta ar eintiteas tuairiscithe, féadtar do chliant a chlárú ar ROS. Nuair a bheidh an t-eintiteas tuairiscithe cláraithe, beifear in ann teacht ar ROS agus clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe DAC6.
Beidh dhá rogha tíolactha ar fáil d’úsáideoirí:
- foirm ar líne a chomhlánú
- nó
- comhad XML comhlánaithe as líne a uaslódáil.
Agus tuairisceán á cheartú nó á leasú, ba chóir an rogha chéanna tíolactha a úsáideadh don tíolacadh bunaidh a úsáid.
Pribhléid Ghairmiúil Dhlíthiúil (PGD)
Ní fhéadtar tuairisceán a thíolacadh ar ROS sa chás go n-aithnítear faisnéis mar fhaisnéis atá faoi réir PGD. Sna cúinsí sonracha sin, ba chóir Foirm DAC 6 (LPP) a thíolacadh trí úsaid a bhaint as M’Fhiosruithe. Ba chóir go leagfaí amach leis sin, céannacht an cháiníocóra ábhartha a bhfuil baint aige leis an socraíocht intuairiscithe trasteorann.
Ar aghaidh: Cathain, agus conas, a mhalartaítear faisnéis le Ballstáit eile