DAC6
Léargas ginearálta
Is minic a thugtar DAC ar Council Directive 2011/16/EU. Forálann an DAC do mhalartú faisnéise
cáiníocóirí idir riaracháin chánach Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE). In 2018, leasaíodh an DAC leCouncil Directive (EU) 2018/822 (DAC6).
Thug DAC6 córas nochtuithe éigeantacha isteach le haghaidh socruithe cánach trasteorann áirithe. Tháinig córas Nochtuithe Éigeantacha an AE i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2020.
Cuireann an fhaisnéis a fhaightear ar chumas na mBallstáit gníomhú go pras in aghaidh cleachtaí cánach díobhálacha trí an méid seo:
- lúbanna ar lár sa reachtaíocht a dhúnadh
- tabhairt faoi mheasúnuithe riosca
- agus
- idirghabhálacha comhlíontachta á chur ar bun.
Tá dhá chéim sa chóras ina:
- gcuireann idirghabhálaithe agus cáiníocóirí faisnéis maidir le socraíochtaí intuairiscithe trasteorann ar fáil d’údaráis chánach na mBallstát
- agus
- malartaíonn údaráis chánach an fhaisnéis a fhaigheann siad leis na Ballstáit eile.
Reachtaíocht na hÉireann agus treoracha maidir le DAC6
Reachtaíodh DAC6 isteach i ndlí na hÉireann leo seo:
Le tuilleadh eolais ar DAC6 a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 33-03-03.
Ar aghaidh: Cad atá intuairiscithe faoi Chóras Nochtuithe Éigeantacha an AE