Seachaint cánach

Léargas ginearálta

Níl ort do chúrsaí cánach a shocrú ionas go n-íocfaidh tú an t-uasmhéid cánach. Tá tú i dteideal do chuid cúrsaí cánach a struchtúrú ar bhealach éifeachtach ó thaobh cánach de. TNí mór duit sochair faoisimh, díolúine nó liúntais a éileamh ar an mbealach a bhí beartaithe ag an reachtas. Imeoidh na Coimisinéirí Ioncaim i ngleic le héilimh mhíchuí mar sheachaint cánach.

Polasaí na gCoimisinéirí Ioncaim is ea cur i gcoinne idirbhearta seachanta cánach go gníomhach agus i gcoinne úsáid neamhbheartaithe as an reachtaíocht. Má ghlacann tú páirt in idirbheart seachanta cánach, féadfaidh sé go n-íocfaidh tú níos mó ar deireadh ná mar a bhí i gceist agat a shábháil. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ús, pionóis agus , nó formhuirir, a chur i bhfeidhm sa bhreis ar an tsuim chánacha bhí i gceist agat a shábháil. Tá sé seo sa mhullach ar na costais a bhaineann le déileáil le fiosruithe na gCoimisinéirí Ioncaim, agus le dlíthíocht a d’fhéadfadh a bheith fada.

Is é cuspóir an rannáin seo ná:

  • thú a chur ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le páirt a ghlacadh i seachaint cánach
  • thú a spreagadh chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar do chúrsaí cánach agus dleachta
  • thú a spreagadh chun comhairle a fháil ó chomhairleoir cánach a bhfuil dea-chlú orthu sa chás nach bhfuil tú cinnte faoi idirbheart áirithe
  • thú a spreagadh chun aon mhírialtachtaí a mheas agus a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Céard is seachaint cánach ann?