Seachaint cánach

Uirlisí reachtaíochta chun cur i gcoinne seachaint cánach

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim cur i gcoinne scéimeanna seachanta cánach faoin:

  • Riail Ghinearálta um Fhrith-Sheachaint (RGFS)
  • faoi cheann de na Rialacha Sonracha um Fhrith-Sheachaint (rialacha RSFS).

Riail Ghinearálta um Fhrith-Sheachaint (RGFS)

Leagtar an RGFS in Alt 811C den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Baineann sé le hidirbhearta a tosaíodh tar éis 23 Deireadh Fómhair 2014. Tá sé i gceist ag an RGFS idirbhearta seachanta cánach a shárú a mbaineann an méid seo leo:

  • idirbhearta ar beag ar fad a gcuspóir tráchtála
  • agus
  • idirbhearta a dhéantar go príomha chun buntáiste cánach a fháil. 

Má thagann idirbheart faoin RGFS, níl tú i dteideal an buntáiste cánach a éileamh nuair atá tuairisceán cánach á thíolacadh agat.

Má chreideann na Coimisinéirí Ioncaim gur ghlac tú páirt in idirbheart seachanta cánach, níl aon teorainn ama ann maidir le cén uair a fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim:

  • fiosruithe a dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart ina sheachaint cánach 
  • an buntáiste cánach a tharraingt siar trí mheasúnú a leasú
  • agus
  • aon suim chánach a bhailiú nó a aisghabháil.

Rialacha Sonracha um Fhrith-Sheachaint (RSFS)

Chomh maith leis an RGFS, tá go leor rialacha spriocdhírithe frithsheachanta ar fud na reachtaíochta cánach. Cuireann na rialacha seo cosc ar mhí-úsáid caillteanas, faoiseamh nó díolúintí áirithe nuair a dhéantar cineál áirithe idirbhirt, nó sraith idirbheart.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacha spriocdhírithe frithsheachanta a úsáid le haghaidh idirbhearta ar leith seachas díreach ceanna lena mbaineann an RGFS.

Rangaíonn Sceideal 33 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, roinnt de na forálacha seo mar fhorálacha sonracha frith-sheachanta.

Tá feidhm ag formhuirear frith-sheachanta sa chás go ndéanann duine iarracht sochar aon bhuntáiste cánach a fháil a tharraingítear siar de bhun

  • Alt 811C
  • ceann de na rialacha RSFS.

Féadtar formhuirear suas le 30% a ghearradh. 

Ar aghaidh: Na hiarmhairtí a bhaineann le páirt a ghlacadh i seachaint cánach