Seachaint cánach

Idirbhearta i mbaol imscrúdaithe ó na Coimisinéirí Ioncaim

Féadfaidh sé gur ghlac tú páirt i scéim a thosaigh tar éis an 23 Deireadh Fómhair 2014, scéim nach gcreideann tú a bheith ina scéim seachanta cánach. Má tá imní ort go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cur ina choinne faoin Riail Ghinearálta um Fhrith-Sheachaint (RGFS), féadann tú fógra cosanta a thíolacadh. Cinnteoidh sé seo, má chuireann na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne na scéime go rathúil faoin RGFS, go bhfuil seans ann nach mbeidh ort an formhuirear seachanta cánach 30% a íoc.

Sa chás go bhfaigheann na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Cosanta bailí, ní fhabhróidh ús go dtí 30 lá tar éis dúinn aon mheasúnú a dhéanamh faoin RGFS. Ní bhaineann na cosaintí seo le haon chás ina gcuirtear ina choinne lasmuigh den RGFS.

Nuair atá Fógra Cosanta á dhéanamh agat, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • é a thíolacadh taobh istigh de 90 lá ón dáta a cuireadh tús leis an idirbheart
  • é a thíolacadh ar Fhoirm PN1
  • sonraí iomlána na scéime a thabhairt
  • sonraí iomlána na reachtaíochta a bhaineann le do scéim a thabhairt, agus míniú ar an gcaoi a mbaineann sé leis
  • sonraí iomlána a thabhairt faoin bhfáth a gceapann tú nach mbaineann an RGFS le hábhar
  • agus
  • cóipeanna a chur san áireamh de na doiciméid chuí uile a bhaineann leis an scéim.

Ní féidir Fógra Cosanta a dhéanamh i gcás ina bhfuil an t-idirbheart faoi réir an chórais nochtaithe éigeantaigh. I gcúinsí áirithe, áfach, níl feidhm aige seo i gcás inar theip ar thionscnóir nochtadh éigeantach a dhéanamh. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Nótaí treorach mionsonraithe ar RGFS.

Cuireann an RGFS deireadh le teorainneacha ama áirithe maidir leis an gceart atá ag na gCoimisinéirí Ioncaim:

  • gníomhaíochtaí a dhéanamh
  • fiosrúcháin a dhéanamh
  • measúnú a dhéanamh, nó a leasú,
  • agus
  • aon cháin a bhailiú.

Bíonn na teorainneacha ama seo fós i bhfeidhm, áfach, má fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Cosanta bailí.