Seachaint cánach

An méid is ceart a dhéanamh má cheapann tú go bhfuil seachaint cánach ar siúl agat

Bíodh a fhios agat má tá cuma rómhaith ar rud le bheith fíor, is mó an seans go bhfuil. Mura bhfuil tú cinnte faoi idirbheart áirithe, ba chóir tuairim eile a fháil. Ba chóir comhairle a fháil ó chomhairleoir cánach neamhspleách a bhfuil dea-chlú orthu agus a bhfuil an saineolas áirithe acu le tuiscint a fháil ar an idirbheart. Ba chóir gur duine é seo nach bhfuil ceangailte leis an idirbheart nó an tionscnóir.

Má tá idirbheart curtha i bhfeidhm agat a cheapann gur seachaint cánach atá ann, níor chóir an buntáiste cánach seo a éileamh nuair atá do thuairisceán cánach á thíolacadh agat.

Má d’éiligh tú an buntáiste cánach, ba chóir smaoineamh ar na Coimisinéirí Ioncaim a chur in iúl d’fhonn aon dliteanais amuigh a shocrú. Chun sonraí a fháil maidir le conas nochtadh a dhéanamh, féach ar an leathanach 'Na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi sheachaint cánach' sa rannán seo.

Ar aghaidh: Uirlisí reachtaíochta chun cur i gcoinne seachaint cánach