Seachaint cánach

Córas Nochtaithe Éigeantaigh

Faoin gCóras Nochtaithe Éigeantaigh, leagtar dualgas ar thionscnóirí, ar lucht margaíochta agus ar úsáideoirí ‘idirbheart in-nochtaithe’ na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi idirbhearta dá leithéid. Is éard is idirbheart in-nochtaithe ann ná aon idirbheart nach bhfuil eisiata go sonrach ag an reachtaíocht a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:

  • má fhéadann sé a bheith de thoradh air go bhfaighidh an duine buntáiste cánach
  • má tá, nó má táthar ag súil leis go mbeidh an buntáiste cánach ar cheann de phríomh-bhuntáistí an idirbhirt
  • agus
  • má mheaitseálann an idirbheart aon cheann de na cuir síos shonraithe atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Is iondúil gurb é tionscnóir idirbhirt a dhéanann nochtuithe éigeantacha. Sna cúinsí seo a leanas, áfach, ní mór d’úsáideoir idirbhirt an nochtadh a dhéanamh nuair:

  • atá an tionscnóir taobh amuigh d’Éirinn
  • nach bhféadann an tionscnóir nochtadh a dhéanamh mar gheall ar phribhléid dhlíthiúil ghairmiúil
  • nach bhfuil tionscnóir ann agus nuair is scéim é atá sonrach do ghrúpa ar leithligh, nó d'úsáid an úsáideoir féin.

Ba chóir go gcuirfí sonraí an idirbhirt san áireamh sa nochtadh, agus sonraí faoi aon duine a úsáidfidh é. Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim uimhir idirbhirt atá sonrach don idirbheart sin. Níor chóir féachaint air seo mar na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt ceadú don idirbheart. Níl ann ach cuid den phróiseas ina gcloíonn an tionscnóir lena ndualgais faoin gCóras Nochtuithe Éigeantacha. I roinnt cásanna, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a shonrú nach gá idirbheart a nochtadh.

Má ghlacann tú páirt in idirbheart in-nochtaithe, ní mór duit uimhir idirbhirt ábhartha a chur ar:

Murar tugadh uimhir idirbhirt duit i ndáil le hidirbheart in-nochtaithe, ní mór duit é seo a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór duit gach eolas a iarrtar go réasúnach a chuir ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim chun go ndéanfar cinneadh cé acu ar cheart nó nár cheart pionóis a ghearradh ar an tionscnóir.

Ní mór go dtabharfaí a dhóthain eolais le go bhfaighidh muid tuiscint ar an gcaoi a n-oibríonn an idirbheart. Ba chóir go n-aithneofaí ann chomh maith an dlí cánach Éireann cuí ar a mbraitheann an idirbheart. Má loiceann tú cloí leis na dualgais a leagtar amach faoin reachtaíocht ar nochtadh éigeantach, féadfaidh sé go ngearrfar pionós ort.

Ar aghaidh: Na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi sheachaint cánach