Seachaint cánach

Céard is seachaint cánach ann?

Is éard is seachaint cánach ann ná reachtaíocht chánach a chur i bhfeidhm ar bhealach a chruthaíonn buntáiste cánach go míchuí. D'fhéadfadh mí-úsáid faoiseamh agus liúntas cánach nó ath-thréithriú idirbhirt a bheith i gceist le seachaint cánach. Is éard atá i gceist le seachaint cánach ná idirbhearta a dhéantar go príomha chun buntáiste cánach a éileamh agus ní ar chúiseanna gnó iomchuí. Is minic a bhíonn idirbhearta casta, saorga i gceist le seachaint cánach nach bhfuil mórán de chuspóir ag baint leo seachas buntáiste cánach a fháil.

Féadann comhairleoirí agus tionscnóirí bealaí a chur in iúl duit chun do bhille cánach a laghdú. Ní mór duit smaoineamh ar cé acu an bhfuil comhairle cánach éifeachtúil á cur ort, nó an bhfuil scéim seachanta cánach á díol leat.

Mura bhfuil tú cinnte faoi cé acu an seachaint cánach an méid atá ar bun nó nach ea, ba chóir duit na ceisteanna seo a leanas a chur ort féin:

  • An bhfuil an bunstáiste deiridh ró-ard i gcomparáid leis an riosca fírinneach eacnamaíoch atá tú ag glacadh ort féin?
  • An bhfuil cuma an-chasta ar an togra, i bhfianaise na n-aidhmeanna gnó atá agat?
  • An bhfuil deacrachtaí agat an struchtúr nó idirbheart molta a thuiscint?
  • An bhfuil deacrachtaí agat na cúiseanna tráchtála a aithint atá taobh thiar den struchtúr nó idirbheart?
  • An bhfuil míreanna neamhghnácha i gceist leis an idirbheart, gan cúis shoiléir, amhail is úsáid a bhaint as an méid seo:
    • tearmainn chánach
    • sreafaí ciorclacha cistí
    • cuideachtaí eischósta.
  • An bhfuil an chuma air go bhfuil an táille atá á ghearradh ard i gcás rud a cheap tú a bhí ina idirbheart simplí?
  • An bhfuil sé neamhghnách an tslí a bhfuil an táille á ghearradh? 
  • An bhfuil an tionscnóir ag triail coinníollacha neamhghnácha rúndachta a chur i bhfeidhm, agus gan cóipeanna de chomhairle i scríbhinn a chur ar fáil?
  • An é nach bhfuil an tionscnóir toilteanach an t-idirbheart a phlé le do chuntasóir nó le do chomhairleoir gnó?
  • An gceapann tú go gcuirfeadh na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne na scéime má tháinig siad de bheith ar an eolas faoi?
  • Ar thairg an tionscnóir árachas duit i gcoinne an struchtúir a bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim ag cur ina coinne?

Ní liosta cuimsitheach ceisteanna é seo thuas. Má thug tú freagra dearfach ar aon cheann de na ceisteanna, féadfaidh sé go bhfuil páirt á glacadh agat i seachaint cánach.

Féadfaidh sé gur thug an tionscnóir uimhir idirbhirt ó na Coimisinéirí Ioncaim duit. Uimhir é seo a thugtar don tionscnóir tar éis Nochtadh Éigeantach a bheith déanta acu. Ní chiallaíonn sé seo go gceadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim an scéim, nó nach scéim seachanta cánach atá ann. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi Nochtadh Éigeantach, féach an leathanach dar teideal 'Córas Nochtaithe Éigeantaigh' sa rannán seo.

Má tá cathú ort idirbheart seachanta cánach a úsáid, ba chóir smaoineamh go cúramach faoi na costais atá i gceist, amhail:

  • an cur isteach féideartha a bhíonn mar chúis le bheith de ag déileáil le fiosruithe na gCoimisinéirí Ioncaim
  • dlíthíocht a d’fhéadfadh a bheith fada
  • agus
  • an neamhchinnteacht fhada i leith an toraidh a d’fhéadfadh a bheith i gceist duit mar thoradh air.

Ar aghaidh: An méid is ceart a dhéanamh má cheapann tú go bhfuil seachaint cánach ar siúl agat