DAC6

Faisnéis atá i dtuairisceán DAC6

Ceanglaítear le Council Directive (EU) 2018/822 go ndéanfar tuairisceáin faisnéise a thíolacadh i ndáil le gach socraíocht intuairiscithe trasteorann. Ba chóir an t-eolas seo a sheoladh ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Faisnéis maidir le céannacht gach duine a thagann faoin sainmhíniú ar idirghabhálaí agus cáiníocóir ábhartha a bhfuil baint acu leis an socraíocht, lena n-áirítear:

  • ainm
  • cibé acu an duine aonair nó eintiteas an duine
  • más duine aonair an duine, a ndáta agus a n-áit bhreithe
  • tír chónaithe chun críocha cánach
  • Uimhir Aitheantais an Cháiníocóra (TIN)
  • tír eisiúna TIN
  • seoladh an duine, i gcás nach eol a TIN agus/nó a thír eisiúna
  • agus
  • nuair is cuí, na daoine ar fiontair chomhlachaithe iad le gach cáiníocóir ábhartha.

Seo a leanas faisnéis eile ba chóir a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim i dtuairisceán DAC6:

  • sonraí gach sainmharc a fhágann go bhfuil an socraíocht intuairiscithe
  • achoimre ar inneachar an tsocraíocht trasteorann
  • uimhir thagartha a shanntar don socraíocht, más ann
  • sonraí na bhforálacha reachtúla atá mar bhonn ag an socraíocht
  • luach an tsocraithe
  • an dáta a glacadh an chéad chéim nó a ghlacfar é agus an socraíocht á chur chun feidhme
  • Ballstát gach cáiníocóra ábhartha agus aon Bhallstát eile ar dócha go mbeidh baint acu leis an socraíocht
  • agus
  • sainaithint aon duine eile i mBallstát ar dócha go ndéanfaidh an socraíocht difear dóibh.

Ar aghaidh: Conas tuairisceán DAC6 a thíolacadh