Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (CARF)

Léargas ginearálta

Is é an Crypto-Asset Reporting Framework (CARF) an caighdeán comhaontaithe le haghaidh Malartú Uathoibríoch Faisnéise (AEOI) maidir le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe (RCASPanna). D'fhoilsigh an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) an CARF i mí an Mheithimh 2023. Tá Éire ar cheann de na dlínsí a shínigh don CARF.

Foráiltear le Council Directive 2011/16/EU (DAC) do mhalartú faisnéise cáiníocóirí idir riaracháin chánach bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE). In 2023, leasaíodh DAC leis an Council Directive (EU) 2023/2226 (DAC8) chun an CARF a chur chun feidhme laistigh den AE.

Baineann an CARF le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe (RCASPanna) a éascaíonn ceannach, díol nó aistriú cripteashócmhainní, nó a dhéanann idirbhearta íocaíochta miondíola intuairiscithe.

Ní mór do RCASPanna faisnéis a bhailiú, agus a thuairisciú go huathoibríoch maidir le húsáideoirí áirithe cripteashócmhainní a ndéanann siad na hidirbhearta sin dóibh.

Reachtaíocht na hÉireann don CARF

Tá an reachtaíocht a chuireann CARF i bhfeidhm in Éirinn le fáil in:

Tá feidhm ag na forálacha seo ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

Cén uair agus cén chaoi a dhéantar faisnéis a mhalartú le dlínsí eile

Ní mór do RCASP sonraí na n-idirbheart ábhartha a thuairisciú faoin 31 Bealtaine i leith na bliana féilire roimhe sin. Ní mór do RCASP, faoin 31 Bealtaine, cóip dá gcuid faisnéise, mar atá san áireamh sa tuairisceán, a chur ar fáil d'úsáideoir cripteashócmhainní.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis tuairiscithe seo a mhalartú leis na dlínsí ábhartha faoin 30 Meán Fómhair. Déantar sonraí a mhalartaítear le Ballstáit eile den AE faoi DAC8 agus le dlínsí rannpháirteacha faoin CARF.

Sampla

Ní mór do RCASP faisnéis a bhailiú maidir le húsáideoirí intuairiscithe agus a n-idirbhearta ón 1 Eanáir 2026. Ní mór do RCASPanna na tuairisceáin a bhaineann leis an tréimhse seo a thíolacadh faoin 31 Bealtaine 2027. Déanfar an fhaisnéis tuairiscithe a mhalartú ansin leis na dlínsí ábhartha faoin 30 Meán Fómhair 2027.

Treoir bhreise

I gcás nach dtugann an reachtaíocht nó an CARF aghaidh ar shaincheist, ba cheart gurb í an phríomhfhoinse treorach ná an treoir bhreise a eisíonn an ECFE. Áirítear leis seo:

Le linn cur chun feidhme an CARF, tá an ríomhphoist seo a leanas don deasc chabhrach ar fáil do RCASPanna: carf@revenue.ie

Féach liosta na ndlínsí rannpháirteacha a d'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim, Published list of participating jurisdictions for CARF.

Ar aghaidh: Oibleagáidí clárúcháin