Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (CARF)
Oibleagáidí tuairiscithe
Is é an Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (CARF) an caighdeán comhaontaithe le haghaidh Malartú Uathoibríoch Faisnéise (AEOI) maidir le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe (RCASPanna).
Le CARF, ceanglaítear ar RCASPanna faisnéis a bhailiú, agus a thuairisciú, faoi úsáideoirí cripteashócmhainní atá ina gcustaiméirí acu, agus a dhéanann an dícheall cuí riachtanach. Baineann sé seo le húsáideoirí cripteashócmhainní, cibé acu an daoine aonair nó eintitis iad.
Tá dualgas ar RCASPanna atá ag tuairisciú in Éirinn na sonraí seo a leanas a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le gach díoltóir intuairiscithe:
- A gcuid sonraí:
- Ainm.
- Seoladh.
- Dlínse na cónaitheachta.
- Uimhir Aitheantas Cánach (TIN).
- Dáta breithe.
- Áit bhreithe, má tá sé ar fáil.
- Ról an duine aonair, más duine rialaithe ar eintiteas é/í.
- Maidir le gach cineál cripteashócmhainne a cheannaítear nó dhíoltar, an méid a íoctar nó a fhaightear, líon na n-aonad, agus líon na n-idirbheart don tréimhse tuairiscithe.
- Maidir le gach cineál cripteashócmhainne a aistrítear, an méid a aistrítear, líon na n-aonad, agus líon na n-idirbheart don tréimhse tuairiscithe.
- Maidir le hidirbhearta íocaíochta miondíola intuairiscithe, luach an mhargaidh, líon na n-aonad, agus líon na n-idirbheart.
Tá sé d'oibleagáid ar an RCASP cóip den fhaisnéis a chuirtear ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim a chur chuig úsáideoir na cripteashócmhainní.
Tá dualgas ar RCASPanna atá ag tuairisciú in Éirinn na sonraí seo a leanas a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim maidir lena ngnó féin:
- A n-ainm.
- A seoladh poist.
- A nUimhir Aitheantas Cánach (TIN) agus an tír a d'eisigh í.
- A nAitheantas Oibreora Cripteashócmhainní, nuair is infheidhme.
- A n-aitheantóir eintitis dhlíthiúil dhomhanda, má tá sé ar fáil.
Úsáideoirí cripteashócmhainní nach gá a thuairisciú
Ní gá na húsáideoirí cripteashócmhainní seo a leanas a thuairisciú:
- Eintitis atá liostaithe ar stocmhalartán agus eintitis ghaolmhara.
- Eintiteas Rialtais.
- Eagraíocht idirnáisiúnta.
- Banc ceannais.
- Institiúidí aigeadais áirithe.
Ar aghaidh: Faisnéis atá le cur ar fáil ag úsáideoirí cripteashócmhainní