Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (CARF)

Faisnéis atá le cur ar fáil ag úsáideoirí cripteashócmhainní

Is é an Crypto-Asset Reporting Framework (CARF) an caighdeán comhaontaithe le haghaidh Malartú Uathoibríoch Faisnéise (AEOI) maidir le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe (RCASPanna). Ceanglaítear leis an CARF ar RCASPanna faisnéis a bhailiú agus a thuairisciú go huathoibríoch faoi úsáideoirí cripteashócmhainní áirithe atá mar chustaiméirí acu.

Úsáideoirí cripteashócmhainní ar daoine aonair iad

Ceanglaítear leis an CARF ar úsáideoirí cripteashócmhainní ar daoine aonair iad an fhaisnéis a leanas a chur ar fáil do RCASP:

  • A n-ainm.
  • A bpríomhsheoladh.
  • A dtír chónaitheachta.
  • A nUimhir Aitheantais Cánach (TIN).
  • A ndáta breithe.
  • A n-áit bhreithe.

Cuirfidh an RCASP an fhaisnéis seo ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim go bliantúil.

Úsáideoirí cripteashócmhainní ar eintitis iad

Ceanglaítear leis an CARF ar úsáideoirí cripteashócmhainní ar eintitis iad an fhaisnéis a leanas a chur ar fáil do RCASP:

  • A n-ainm dlíthiúil.
  • A bpríomhsheoladh.
  • A ndlínse chónaitheachta.
  • Gach Uimhir Aitheantais Cánach (TIN) a eisíodh don eintiteas sin, lena n-áirítear gach dlínse eisiúna.

I gcás gach duine rialaithe atá ag eintiteas, ní mór don eintiteas an fhaisnéis atá riachtanach i leith duine aonair mar atá thuas a chur ar fáil, mar aon le faisnéis maidir leis an ról atá ag an duine sin a fhágann gur duine rialaithe é/í. Mura duine eisiata é an t-eintiteas, cuirfidh an RCASP an fhaisnéis seo ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim go bliantúil.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi dhaoine eisiata, féach ar an leathanach 'Oibleagáidí tuairiscithe' maidir le 'hÚsáideoirí cripteashócmhainní nach gá a thuairisciú'.