Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (CARF)
Oibleagáidí clárúcháin
Is é an Crypto-Asset Reporting Framework (CARF) an caighdeán comhaontaithe le haghaidh Malartú Uathoibríoch Faisnéise (AEOI) maidir le Soláthraithe Seirbhísí Cripteashócmhainní Tuairiscithe (RCASPanna). Ní mór do RCASPanna clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim don CARF faoin 31 Nollaig sa bhliain a thagann siad de bheith ina RCASP agus nuair atá ceann de na naisc a leanas acu le hÉirinn:
- Rialaítear iad, nó ceadaítear dóibh, seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar faoi Airteagal 60 nó Airteagal 63 den Rialachán maidir le Markets in Crypto-Assets Regulation (MiCA) i gcomhar le Banc Ceannais na hÉireann.
- Níl siad rialaithe ná ceadaithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar faoi Airteagal 60 nó Airteagal 63 de Rialachán MiCA leis an mBanc Ceannais na hÉireann, agus comhlíonann siad ceann de na nascanna seo a leanas:
- Tá siad cónaitheach in Éirinn.
- Tá siad corpraithe in Éirinn.
- Tá áit bhainistíochta acu in Éirinn.
- Tá áit ghnó rialta acu in Éirinn.
- Tá Idirbhearta Ábhartha á ndéanamh acu trí bhrainse in Éirinn.
Mar shampla, má thagann RCASP de bheith cónaitheach in Éirinn ar an 5 Bealtaine 2026, ní mór dóibh clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin 31 Nollaig 2026.
Ba chóir do RCASPanna atá lonnaithe in Éirinn Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú don oibleagáid tuairiscithe CARF.
Coinníollacha a chomhlíontar i dlínse amháin, nó níos mó
I gcás go bhfuil níos nó ná nasc amháin ag RCASP, d'fhéadfadh sé go mbeadh orthu clárú agus tuairisciú i níos mó ná dlínse amháin. Chun tuairisciú dúblach a sheachaint, tugtar isteach grádlathas tuairiscithe leis an CARF.
Nuair a bhaineann níos mó ná nasc amháin le RCASP, féadtar tuairisciú dúblach a sheachaint trí gach dícheall cuí agus tuairisciú a dhéanamh i ndlínse amháin.
Ba chóir do RCASP anailís a dhéanamh ar cé acu an leibhéal grádlathais is airde a bhaineann leis, agus tuairisciú a dhéanamh chun críocha CARF sa dlínse sin amháin. Is é grádlathas na nasc ná:
- Rialachán MiCA.
- Dlínse na cónaitheachta cánach.
- Dlínse an chorpraithe nó an rialaithe.
- Dlínse na bainistíochta.
- Dlínse ina bhfuil a áit ghnó rialta.
Sampla
Is RCASP é ABC Ltd agus tá sé rialaithe faoi MiCA in Éirinn agus corpraithe sa Spáinn.
Tá dhá nasc ag ABC Ltd agus d'fhéadfadh sé a bheith faoi réir tuairisciú dúblach. Is é Rialachán MiCA an nasc is airde, dá bhrí sin beidh ABC Ltd faoi réir tuairiscithe agus dícheall cuí in Éirinn. Déanfaidh ABC Ltd na riachtanais tuairiscithe agus dícheall cuí a chomhlíonadh in Éirinn maidir le gach idirbheart a dhéanann sé.
Ní bheidh ar RCASPanna a bhfuil níos mó ná nasc amháin acu ag an leibhéal céanna tuairisciú a dhéanamh in Éirinn má tá siad ag tuairisciú:
- i mBallstát eile den AE
- nó
- i nDlínse Neamh-Aontais Cáilithe.
Tá sé seo faoi réir riachtanais áirithe a bheith comhlíonta.
Ar aghaidh: Oibleagáidí tuairiscithe