CESOP- íocaíochtaí trasteorann AE a thuairisciú

Clárúchán CESOP

Osclaíodh clárúchán le haghaidh CESOP ar an 1 Feabhra 2024. Is trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó tríd iarratas ar Chlárú Neamhchónaitheoirí (NRR) a dhéantar gach clárúchán le haghaidh CESOP.

Tá áis chlárúcháin agus tíolactha curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim do Sholáthraithe Seirbhíse Íocaíochta (SSI) a bhfuil oibleagáid tuairiscithe orthu maidir le CESOP. Tá an áis seo ar fáil freisin do Ghníomhairí Cánach, do chomhairleoirí nó d'idirghabhálaithe tuairiscithe atá údaraithe chun tíolacadh a dhéanamh thar ceann SSI.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le clárú, féach Tax and Duty Manual (TDM) - (CESOP) Registration Guidelines and Guidance for Filing. Soláthraíonn an TDM seo achoimre freisin ar an bpróiseas tíolactha agus ar na riachtanais teicniúla tíolactha le haghaidh tuairisciú CESOP in Éirinn.

Tá próisis clárúcháin éagsúla ann ag brath ar cé acu an bhfuil an PSP nó an t-eintiteas tíolactha cónaitheach nó neamhchónaitheach. Beidh ar eintitis neamhchónaitheacha tuilleadh sonraí a chur ar fáil lena bhfíorú.

Tabhair do d’aire

Tá neamhchónaitheoirí faoi réir próiseas fíoraithe dhá chéim chun clárú le haghaidh CESOP in Éirinn. Dá bhrí sin, ba cheart do SSI neamhchónaitheacha tús a chur le clárú mí amháin ar a laghad roimh an gcéad spriocdháta tíolactha ar an 30 Aibreán 2024.

Tar éis clárú, déanfar gach tíolacadh le haghaidh CESOP trí ROS. Nuashonrófar an TDM i Ráithe 1 2024 chun achoimre a thabhairt ar an bpróiseas tíolactha deiridh le haghaidh CESOP trí ROS. Foilseofar gach nuashonrú maidir leis an TDM agus an próiseas tíolactha ar an leathanach seo.