CESOP- íocaíochtaí trasteorann AE a thuairisciú

Idirbhearta íocaíochta atá le tuairisciú

Ón 1 Eanáir 2024, ní mór do Sholáthraithe Seirbhíse Íocaíochta (SSÍ) sonraí áirithe faoi idirbhearta íocaíochta a thuairisciú d'íocaithe. Ní mór do gach SSÍ na sonraí seo a thuairisciú do chórais riartha cánach na mBallstát AE.

Ní bhaineann na hidirbhearta íocaíochta agus na sonraí íocaí a thuairiscítear ach le híocaithe a fhaigheann níos mó ná 25 íocaíocht trasteorann in aghaidh na ráithe féilire.

Anuas ar sin, ní foláir don íocóir a bheith lonnaithe i mBallstát AE agus don íocaí a bheith lonnaithe i gceann de na háiteanna seo a leanas:

  • i mBallstát eile
  • tríú críoch de chuid an Aontais Eorpaigh (AE)
  • tríú tír.

Ní chaithfidh SSÍ íocaíochtaí trasteorann d’íocaithe a thuairisciú do na húdaráis cánach ach sa chás go bhfuil gníomhaíocht tráchtála i gceist. Tá an beart seo de réir rialacha cosanta sonraí agus ní chuirfear aon eolas ar aghaidh chuig na húdaráis cánach más baolach go d’fheadfaí custaiméirí a aithint dá dheasca.

Cé a thuairiscíonn an íocaíocht?

Caithfidh SSÍ an íocaí an íocaíocht a thuairisciú, más amhlaidh go bhfuil SSÍ an íocaí lonnaithe san AE. Ní mór do gach SSÍ de chuid an íocaí a thabhairt le fios más amhlaidh go bhfuil níos mó ná SSÍ amháin ag an íocaí sa slabhra idirbhirt.

Cuireann SSÍ an íocóra in iúl más amhlaidh nach bhfuil SSÍ ag an íocaí san AE. D’fhéadfadh a leithéid teacht chun cinn, cuir i gcás, más amhlaidh go bhfuil íocaí lonnaithe i dtríú tír.

Is trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó tríd an iarratas ar Chlárú Neamhchónaitheoirí (NRR) a dhéantar gach clárúchán le haghaidh CESOP.

Ar aghaidh: Eolas atá le seoladh