CESOP- íocaíochtaí trasteorann AE a thuairisciú

Soláthraithe Seirbhíse Íocaíochta (SSÍ) a chaithfidh tuairsciú

Leagtar amach na Soláthraithe Seirbhíse Íocaíochta (SSÍ) a leanas, atá faoi chuimsiú an cheanglais um
thuairisciú, sa Council Directive (EU) 2020/284. Is iad seo:

  • institiúidí creidmheasa
  • institiúidí ríomh-airgid
  • institiúidí a bhaineann le gíoró oifige poist
  • agus
  • institiúidí íocaíochta.

Sainmhínítear na SSÍ seo in Alt 1(1) de chuid an Directive (EU) 2015/2366. Cuimsítear na SSÍ a phróiseálann níos lú ná €3 milliúin in aghaidh na bliana sa cheanglas um thuairisciú chomh maith.

Is trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó tríd an iarratas ar Chlárú Neamhchónaitheoirí (NRR) a dhéantar gach clárúchán le haghaidh CESOP.

Ar aghaidh: Modhanna íocaíochta atá faoi chuimsiú an cheanglais