Tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha

Loiceadh tíolacadh nó íoc a dhéanamh in am

Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim meastachán den tobhach dlite ag miondíoltóirí nach dtíolacann tuairisceán faoin dáta dlite. Is éard atá i meastachán na gCoimisinéirí Ioncaim ná méid an tobhaigh a lorgóidh na Coimisinéirí Ioncaim mura ndéanann miondíoltóir a dtuairisceán a chomhlánú agus a thíolacadh.

Má loiceann cáiníocóir an méid dlite a íoc, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fiach a chur ar aghaidh le haghaidh gníomh forfheidhmiúcháin. Féadfaidh sé go bhfolódh sé seo forfheidhmiúchán sirriaim, imeachtaí sibhialta trí na cúirteanna nó astú tríú páirtithe.

Faoin Circular Economy and Miscellaneous Provisions Act 2022 (Payment etc. of environmental levy), feidhmítear ús ar gach íocaíocht. Clúdaíonn sé seo íocaíochtaí a dhéantar tar éis an dáta dhlite.

Ar aghaidh: Cé na taifid ba chóir duit a choinneáil?