Tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha

Cé na seiceálacha a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim?

Déanann na Coimisinéirí Ioncaim seiceálacha ar bhonn roghnach le cinntiú go gcloítear go hiomlán leis na Rialacháin atá luaite ar shuíomh idirlín Rialtas na hÉireann. Faoi na Rialacháin seo, foráiltear do chumhachtaí do na Coimisinéirí Ioncaim eolas a lorg faoi thaifid agus taifid ar sholáthraithe mhálaí plaisteacha chuig miondíoltóirí a scrúdú. Baineann na Coimisinéirí Ioncaim úsáid as an eolas seo chun taifid an mhiondíoltóra a fhíorú.

Tá ról ag údaráis áitiúla chomh maith i dtaca le comhlíontacht leis an Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha a chinntiú. Is éard atá i gceist leis seo den chuid is mó ná:

  • cinntiú go ngearrann miondíoltóirí an tobhach ar a gcuid custaiméirí
  • gníomh cuí a thógáil nuair nach ngearrann miondíoltóirí an tobhach
  • agus
  • feasacht an phobail agus lucht gnó a choinneáil i dtaca leis an tobhach. 

Aon mhéideanna neamhdhearbhaithe a aimsítear le linn sheiceálacha na gCoimisinéirí Ioncaim, móide aon phionóis chuí, beidh siad iníoctha. Nuair nach bhféadann an miondíoltóir ná na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú a fháil ar an méid i gceist, tá an chumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim meastachán a dhéanamh. Féadtar an meastachán a achomharc. Nuair a bheidh sé iníoctha, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a chur ar aghaidh le haghaidh forfheidhmiú.