Tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha

Spriocdhátaí do thuairisceáin agus íocaíochtaí

Tréimhsí ráithiúla atá sna tréimhsí cuntasaíochta. Ba chóir do mhiondíoltóirí tuairisceán a thíolacadh ag deireadh gach ráithe. Tá an tuairisceán agus an íocaíocht dlite ar an 19ú lá den mhí tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Mar shampla an dáta dlite don tréimhse Eanáir go Márta ná 19 Aibreán.

Féadann miondíoltóirí tíolacadh a dhéanamh ar bhonn bliantúil más rud é:

  • go bhfuil siad comhlíontach go hiomlán
  • go n-íocann siad níos lú ná €1000 ar an iomlán i gceithre ráithe i ndiaidh a chéile.

Socraíonn na Coimisinéirí Ioncaim miondíoltóirí cáilitheacha ar bhonn tíolactha bliantúil agus cuireann an méid sin in iúl dóibh. Féadfaidh siad dul ar ais chuig an mbonn tíolactha uair sa ráithe.

Ba chóir dóibh siúd a dhéanann tíolacadh bliantúil a dtuairisceán a thíolacadh agus an tobhach a íoc roimh 19 Eanáir den bhliain ina dhiaidh sin.

Ar aghaidh: Tuairisceáin a thíolacadh agus an tobhach a íoc