Tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha

Tuairisceáin a thíolacadh agus an tobhach a íoc

Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphost chuig do bhosca isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ceithre lá déag (14) roimh an dáta dlite chun meabhrú duit íoc agus tíolacadh a dhéanamh. Féadtar an tuairisceán a thíolacadh agus an tobhach a íoc trí ROS.

Eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim tuairisceáin pháipéir roimh an dáta dlite chuig custaiméirí nach bhfuil ar ROS. Ba chóir do mhiondíoltóirí an tuairisceán a chomhlánú, lena n-áirítear duillín pá an Údarú Dochair Aonair agus a chur sa phost chuig Oifig an Ard-Bhailitheora.

Ní mór do mhiondíoltóirí tuairisceán nialasach a thíolacadh nuair nach bhfuil aon dliteanas dlite.

Ar aghaidh: Loiceadh tíolacadh nó íoc a dhéanamh in am