Ráthaíochtaí cuimsitheacha agus tarscaoiltí ráthaíochta

Go ginearálta, ní mór duit dleacht a íoc ar na hearraí láithreach ar theacht isteach chun an Aontais Eorpaigh (AE) dóibh.

Tá na heisceachtaí seo ann:

  • Féadfaidh tú íocaíocht a chur siar i gcás muirir iompórtála go dtí an cúigiú lá déag den mhí i ndiaidh na hiompórtála.
  • Féadtar d'earraí a choinneáil, go gcuirfí an dleacht ar fionraí (nó gan é a íoc más ath-easpórtáil atá i gceist), i gceann de na háiteanna seo:
  • Má iompórtálann tú earraí le haghaidh próiseáil shonrach, féadfaidh sé a bheith indéanta an méid seo a leanas a dhéanamh leis an dleacht faoi phróiseáil isteach:
    • é a chur ar fionraí
    • gan é a íoc má ath-easpórtáiltear an táirge próiseáilte.
  • Má dhéanann tú earraí a easpórtáil go sealadach lena bpróiseáil nó lena ndeisiú, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann faoiseamh iomlán nó faoiseamh páirteach a éileamh i leith muirir iompórtála ag baint úsáid aspróiseáil amach.
  • Féadfaidh tú earraí áirithe a iompórtáil faoin gcead isteach sealadach gan dleacht a íoc.
  • Féadtar earraí áirithe a iompórtáil ag ráta laghdaithe nó ag ráta nialasach Dleachta Custam faoi úsáid deiridh. Ní mór na sonraí seo a úsáid ar chúis shonrach agus taobh istigh d’am shocraithe.
  • Má chuireann tú earraí faoin nós imeachta idirthurais, féadfaidh tú na hearraí a iompar go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta faoi rialú custam le dleacht ar fionraí.

Más mian leat leas a bhaint as na nósanna imeachta nó áiseanna thuas beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait:

  • údarú ó na Coimisinéirí Ioncaim
  • agus
  • údarú um ráthaíocht chuimsitheach chun urrús a thabhairt i gcoinne loiceadh íocaíochta (ní theastaíonn sé seo le haghaidh próiseála amach i gcásanna inar iompórtáladh cheana iad). 

Nuair a chuireann tú isteach ar cheann de na nósanna imeachta nó áiseanna, ba chóir duit d’iarratas ar údarú um ráthaíocht chuimsitheach a thíolacadh ag an am céanna. Leis seo, féadann muid do chuid iarratas a phróiseáil níos éifeachtúla. Féadann údarú um ráthaíocht chuimsitheach amháin nósanna imeachta iomadúla a chlúdach. 

Éarlais airgid nó gealltanas

Tá an rogha agat an ráthaíocht a soláthar ar na bealaí seo:

  • éarlais airgid
  • gealltanas sínithe ag:
    • institiúid chreidmheasa
    • institiúid airgeadais
    • comhlacht árachais

creidiúnaithe leis an mBanc Ceannais.

I gcás idirthurais, níl sé ceadaithe an éarlais airgid a úsáid.

Laghdú nó tarscaoileadh ar shuim na ráthaíochta

Féadtar cur isteach ar laghdú nó ar tharscaoileadh de shuim na ráthaíochta má chomhlíonann tú critéir shonracha maidir leis an méid seo:

  • sócmhainneacht airgeadais
  • comhlíontacht le rialacha custam
  • gníomhaíochtaí a rialú
  • agus
  • caighdeáin phraiticiúla inniúlachta.

Féadtar cur isteach ar laghdú go 30% de shuim na ráthaíochta i leith fiachas reatha custam. Ní mór stádas Oibreoir Eacnamaíochta Údaraithe (AEO) a bheith agat, áfach, le cur isteach air seo. Féadtar tuilleadh eolais a fháil air seo in Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEO).

Cén chaoi le cur isteach ar údarú um ráthaíocht chuimsitheach

Ba chóir d’iarratas ar ráthaíocht chuimsitheach a dhéanamh go leictreonach leis an gCóras Cinnteoireachta Custam (CCC).

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.