Idirthuras

Is éard atá i gceist le hidirthuras ná nós imeachta custam trína bhféadtar earraí a bhogadh thar theorainneacha idirnáisiúnta faoi rialú custam. Teastaíonn ráthaíocht chun urrús a thabhairt do na muirir uile ar na hearraí. Tá trí chineál idirthurais ann:

  • Idirthurais aontais – leis seo, féadtar earraí a bhogadh taobh istigh de chríocha custam an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Idirthuras comhchoiteann – leis seo, féadtar earraí a bhogadh idir:
    • tíortha an Aontais agus na tíortha um idirthurais chomhchoiteanna
    • agus
    • na tíortha um idirthurais chomhchoiteanna féin.
  • Transport Internationaux Routiers (TIR) – leis seo, féadtar earraí a bhogadh go hidirnáisiúnta thar theorainn amháin nó thar bhreis agus teorainn amháin. Ní mór gurb ar an mbóthar a dhéantar sciar den turas idir tús agus deireadh na hoibríochta TIR.

Tabhair do d’aire

Na tíortha um idirthurais chomhchoiteann ná an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis, an Lichtinstéin, an Tuirc, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an tSeirbia, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe. (Tugtar an limistéar comhchoiteann idirthurais ar chríocha an Aontais agus na dtíortha comhchoiteanna um idirthurais tugtha le chéile).

Coinsíneoir údaraithe

Is éard is coinsíneoir údaraithe ann ná duine atá údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun oibríochtaí idirthurais a reáchtáil gan na hearraí a chur i láthair oifig custam na himeachta.

Féadtar d’iarratas ar choinsíneoir údaraithe a dhéanamh go leictreonach leis an gCóras Cinnteoireachta Custam (CCC).

Coinsíní údaraithe

Is éard is coinsíní údaraithe ann ná duine atá údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun earraí a aistrítear faoi nós imeachta idirthurais a fháil gan iad a chur i láthair ag an oifig custam ceann scríbe. Ina áit sin, faightear na hearraí ag áitreabh Stórála Sealadaí údaraithe.

Ba chóir d’iarratas ar choinsíneoir údaraithe a dhéanamh go leictreonach leis an gCóras Cinnteoireachta Custam (CCC).

Féadtar cur isteach ar cheadú mar choinsíneoir údaraithe nó mar choinsíní údaraithe. Leis seo, féadtar:

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad Idirthurais.