Faisnéis Taraife Cheangailteach (BTI)
Úsáid a bhaint as Faisnéis Taraife Cheangailteach (FTC)
Ní mór uimhir thagartha an chinnidh FTC a lua ar gach doiciméad custaim ábhartha agus earraí a chumhdaítear leis an gcinneadh sin á ndearbhú agat, mar seo a leanas:
Iompórtáil: Cód ionchuir C626 in Eilimint Sonraí (DE) 2/03 agus uimhir thagartha Chinneadh FTC an trádálaí ina dhiaidh sin.
Easpórtáil: I nGrúpa Sonraí Uimhir 12 12 000 000, cód ionchuir C626 i DE 12 12 002 000 agus uimhir thagartha Chinneadh FTC an trádálaí ina dhiaidh sin i DE 12 12 001 000
Bailíocht an FTC
Is iondúil an FTC a bheith bailí ar feadh trí bliana ón dáta eisiúna.
Féadtar FTC a dhéanamh neamhbhailí sna cásanna seo:
- nuair a athraíonn an cód aicmiúcháin
- nuair atá tionchar ag bearta Aontais Eorpaigh (AE) nó ag bearta taraife custam idirnáisiúnta uirthi
- nó
- nuair atá tionchar ag breith de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh uirthi.
Féadann na Coimisinéirí Ioncaim ‘tréimhse chairde’ suas le sé mhí a cheadú. Leis seo, ceadaítear leanúint d’úsáid a bhaint as FTC chun conarthaí ceangailteacha atá déanta agat a chur san áireamh.
Beidh an FTC ar neamhní má tá sé bunaithe ar shonraí neamhchruinn nó neamhiomlán ón iarratasóir.
Bunachar FTC
Sa bhunachar seo tá cinntí aicmiúcháin eisithe ag tíortha AE. Tá sonraí ann ar chomhdhéanamh earraí (gan faisnéis faoi rún san áireamh) agus an bonn leis na haicmiúcháin. Féadtar teacht ar an mbunachar ar BTI database.
Tuilleadh eolais
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad Simplithe.