AE-Ríocht Aontaithe - Tionscnamh fabhrach

Cóid dhearbhaithe iompórtála in CIU agus AEP

Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) 

Ba chóir duit na cóid seo a leanas a úsáid le tionscnamh fabhrach a éileamh ar scaoileadh saorchúrsaíochta san Aontas Eorpach:

  • Ba chóir go mbeadh an cód ‘300’ san áireamh i Mír Sonraí CIU 4/17 (Fabhar).
  • Mír Sonraí CIU 5/16 (Tír an tionscnaimh fhabhraigh) is ea ‘GB’.
  • Ba chóir ceann amháin den na cóid seo a leanas a úsáid le haghaidh Mír Sonraí CIU 2/3 (Doiciméid a tíolacadh, deimhnithe agus údaruithe, tagairtí breise):
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘dhearbhú tionscnaimh’ le haghaidh lastas aonarach, bain úsáid as an gcód ‘U116’ agus NAI ina dhiaidh.
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘eolas an iompórtálaí’, bain úsáid as an gcód ‘U117’ agus NAI ina dhiaidh.
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘dhearbhú tionscnaimh’ le haghaidh lastais iomadúla, bain úsáid as an gcód ‘U118’ agus NAI ina dhiaidh.

Próiseáil Uathoibríoch Iontrála (AEP)

Ba chóir duit na cóid seo a leanas a úsáid le tionscnamh fabhrach a éileamh ar scaoileadh saorchúrsaíochta san AE:

  • Ba chóir go mbeadh an cód ‘300’ san áireamh i mBosca DRA 36 (Fabhar).
  • Bosca DRA 34 (Tír an tionscnaimh) is ea ‘GB’.
  • Ba chóir ceann amháin den na cóid seo a leanas a úsáid le haghaidh Bosca DRA 44 (Doiciméid a tíolacadh, deimhnithe agus údaruithe, tagairtí breise):
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘dhearbhú tionscnaimh’ le haghaidh lastas aonarach, bain úsáid as an gcód ‘U116’ agus NAI ina dhiaidh.
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘chur amach an iompórtálaithe’, bain úsáid as an gcód ‘U117’ agus NAI ina dhiaidh.
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘dhearbhú tionscnaimh’ le haghaidh lastais iomadúla, bain úsáid as an gcód ‘U118’ agus NAI ina dhiaidh.

Tabhair do d’aire

An cineál DRA a bheadh i gceist ná ‘IM’ toisc nach tír Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) an Ríocht Aonaithe.

Ar aghaidh: Samplaí