Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe)

Nós imeachta ag tráth na hathiompórtála ar earraí easpórtáilte

Teastóidh cruthúnas uait gurb iad na hearraí athiompórtáilte iad na hearraí a easpórtáladh. I gcás earraí talmhaíochta ar íocadh aisíocaíochtaí easpórtála ina leith, beidh ort cruthúnas a chur ar fáil gur diúltaíodh do na hearraí. Ní mór gur diúltaíodh na hearraí ar cheann de na cúiseanna a bhfuil cur síos orthu faoi na rialacha d’earraí talmhaíochta.

Ní mór seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • fianaise liostaithe thuas a cheangal den taobh amuigh den phacáiste agus iad a mharcáil mar ‘dhoiciméid custam’.
  • eolas maidir leis na hearraí a sholáthar chuig an tseirbhís post nó cúiréir atá ag láimhseáil an beart. Ní mór go bhfuil an méid seo a leanas áirithe le heolas maidir leis na hearraí:
  • cur siós cruinn
  • cód tráchtearra
  • agus
  • an luach.
  • marcáil an beart ‘Earraí aisdúichithe: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe’.

Féadann cúiréir nó seirbhís post ag láimhseáil an beart an t-eolas seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag baint úsáid as Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  • na hearraí a dearbhú mar earraí aisdúichithe
  • ceann de na cóid seo a leanas a chur isteach in D/E 1/11:
    • Earraí aisdúichithe - faoiseamh ó Dhleacht Custam amháin: F01
    • Earraí aisdúichithe – earraí talmhaíochta a bhain leas as aisíocaíochtaí easpórtála: F02
    • Earraí aisdúichithe – earraí a cóiríodh, a deisíodh nó a athchóiríodh thar lear: F03
    • Earraí aisdúichithe - faoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL (earraí athiompórtáilte ag an duine céanna a d’easpórtáil ar dtús iad): F05.
  • an cód cuí um nós imeachta a chur isteach in D/E 1/10
  • é seo a leanas a chur isteach in D/E 2/3 den dearbhú athiompórtála:
    • Cód 1Q27 agus uimhir do dhearbhaithe bhunaidh easpórtála
    • Cód 1Q99 agus uimhir an INF3.

Ar aghaidh: Cruthúnas gur easpórtáladh ón Aontas Eorpach (AE) na hearraí a athiompórtáladh