Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe)

Cruthúnas gur easpórtáladh ón Aontas Eorpach (AE) na hearraí a athiompórtáladh

Glactar leis na doiciméid seo a leanas go hiondúil mar fhianaise gur easpórtáladh do chuid earraí:

Earraí a easpórtáladh ó Éirinn ar dtús

An Mháistir-Uimhir Thagartha agus cóip den dearbhú easpórtála.

Earraí a easpórtáladh ó Ballstát eile ar dtús

Cóip den dearbhú easpórtála fíordheimhnithe ag oifig easpórtála custam inniúil.

Bileog eolais faoi earraí aisdúichithe (Form INF 3)

Is éard atá ar an mbileog eolais faoi earraí aisdúichithe (Form INF 3) ná:

  • Baintear úsáid as nuair atá an t-easpórtálaí ar an eolas, ag tráth na hiompórtála, go bhféadtar na hearraí a athiompórtáil isteach i mBallstát eile den Aontas Eorpach (AE).
  • Comhlánaithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát easpórtála.

Tabharfar an chóip bhunaidh agus cóip amháin eile den fhoirm ar ais don easpórtálaí lena gcur i láthair ag tráth na hath-iompórtála.

Sa chás go n-úsáidtear an fhoirm seo le haghaidh earraí talmhaíochta ar íocadh aisíocaíochtaí easpórtála ina leith, tá na rialacha seo i bhfeidhm:

  • Ní mór go mbeadh an fhoirm comhlánaithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát easpórtála. 
  • agus
  • Ní mór ceann de na droimscríobhanna seo a leanas a úsáid:
    • ‘Níor deonaíodh aon aisíocaíochtaí ná aon suimeanna eile ar easpórtáil’
    • ‘Deonaíodh aisíocaíochtaí agus suimeanna eile ar easpórtáil, aisíoctha i leith ..... (cainníocht)’
    • ‘Teidlíocht i leith íoc aisíocaíochtaí nó suimeanna eile ar easpórtáil, cealaithe i leith (cainníocht)’.

Féadtar bileog eolais faoi earraí aisdúichithe (Form INF 3) a fháil ó d’Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Carnet ATA

Sa chás go n-easpórtáiltear d’earraí faoi carnet ATA, féadtar é seo a úsáid mar fhianaise ar easpórtáil. I gcásanna den chineál seo, féadtar faoiseamh i leith earraí aisdúichithe a cheadú, fiú nuair a bhíonn an carnet ATA imithe in éag. Ní mór na hearraí a bheith athiompórtáilte taobh istigh de thréimhse trí bliana ó dháta na heaspórtála.

Féadtar fianaise eile a thíolacadh má tá sé ar fáil. Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise bhreise, más gá, chun cabhrú leis na hearraí athiompórtáilte a shainaithint.

Ar aghaidh: Pacáistiú a athiompórtáil