Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe)

Pacáistiú a athiompórtáil

Má easpórtálann tú pacáistiú líonta nó folamh atá beartaithe agat a athiompórtáil go folamh nó líonta, ba chóir duit dearbhú ó bhéal a chomhlánú le haghaidh gach coinsíneacht. Is foirm pháipéir é seo de ghnáth a gcuirtear ar fáil do chustaim ag tráth na hiompórtála.

Féadtar iarratas a dhéanamh ar údarú chun d’earraí a athiompórtáil gan dearbhú ó bhéal a chur ar fáil le haghaidh gach coinsíneacht. Féadfaidh sé go bhfeileadh údarú den chineál seo tú má dhéanann tú pacáistiú a easpórtáil agus a athiompórtáil go rialta.

Féadtar tuilleadh eolais ar an bhfaoiseamh seo a fháil in pacáistiú a iompórtáil agus a atheaspórtáil.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh. Tá liosta iomlán d’earraí toirmiscthe agus srianta ar fáil ar an leathanach ar Eolas ar thoirmisc agus srianta.