Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe)

Rialacha ginearálta i leith faoiseamh ó dhleacht ar earraí aisdúichithe

  • Ní mór duit na hearraí a athiompórtáil laistigh de thrí bliana ó dháta na heaspórtála. Féadtar an tréimhse seo a shárú, áfach, chun cúinsí speisialta a chur san áireamh.
  • Má iompórtáladh na hearraí roimh seo faoin nós imeachta um úsáid deiridh, ní mór duit iad a athiompórtáil don chuspóir céanna. Mura n-úsáideann tú na hearraí don chuspóir céanna, beidh tú faoi dhliteanas dleacht a íoc. Laghdófar an dleacht faoin méid a íocadh nuair a scaoileadh na hearraí den chéad uair le haghaidh saorchúrsaíocht.
  • Má iompórtálann tú earraí ar táirgí cúiteacha iad a easpórtáladh i dtosach faoin nós imeachta um próiseáil isteach, beidh ort dleacht a íoc. Is í an tsuim a bheidh ort a íoc ná an tsuim a mbeadh ort a íoc dá mbeadh na hearraí curtha chun saorchúrsaíocht agat ar an dáta a d’easpórtáil tú iad.
  • Ní mór na hearraí a ath-iompórtálann tú a bheith sa riocht chéanna is a bhí siad nuair a d’easpórtáil tú iad. Ní féidir gur próiseáladh nó go ndearnadh cóiriú orthu thar lear. Ceadaítear na cóireálacha seo a leanas, áfach:
    • cóireáil riachtanach le haghaidh deisiú nó chun na hearraí a choinneáil i staid mhaith
    • láimhseáil nó cóireáil nach bhfuil de thoradh air ach cuma na n-earraí a athrú
    • cóireálacha eile a rinne ar na hearraí agus a fuarthas ina dhiaidh sin go bhfuil siad mí-oiriúnach d’úsáid bheartaithe na n-earraí.
  • Ní mór duit a léiriú, go soiléir, gurb ionann na hearraí atá á n-iompórtáil an athuair agus na hearraí atá á n-easpórtáil ón mBallstát eile. Úsáid fardal nó córais rialaithe stoic agus bíodh aitheantóir uathúil nó baiscuimhir/sraithuimhir in úsáid agat chomh maith le go mbeidh rian soiléir iniúchta ann de na hearraí agus iad ag fágáil an Aontais Eorpaigh nó go n-iompórtáilfear an athuair iad.
  • Glacfar leis na nithe a leanas mar chruthúnas ar easpórtáil:
    • bileog eolais ar earraí aisdúichithe (Foirm INF 3) arna chomhlíonadh ag na húdaráis inniúla sa mBallstát atá i mbun easpórtála
    • cóip den dearbhú easpórtála arna dheimhniú ag na húdaráis inniúla sa mBallstát atá i mbun easpórtála.
  • I measc na samplaí ar cén chaoi an dearbhú easpórtála a dheimhniú, tá rogha ann cóip den dearbhú easpórtála a thíolacadh lena bhfuil na nithe seo a leanas leis a thíolacadh:
    • fógra imeachta
    • Doiciméad easpórtála faoi iamh (EAD)
    • EXD3
    • cóip den dearbhú easpórtála arna stampáil nó arna síniú ag na húdarás inniúla sa mBallstát atá i mbun easpórtála.
  •  Ba cheart go mbeadh cruthúnas ar na cáipéisí easpórtála bheith ar fáil, má iarrtar é, ag an áit iompórtala.

Más toradh ar an gcóireáil  thar lear é go méadaítear ar luach na n-earraí agus iad á n-easpórtáil, beidh tú faoi dhliteanas dleachta ag tráth na hath-iompórtála. Beidh an dleacht atá le híoc i leith na hathiompórtála bunaithe ar na rialacha um próiseáil amach. Sa chás, áfach, go dtaispeánfar go raibh an chóireáil riachtanach agus gan choinne, ceadófar faoiseamh, fiú más rud é go méadaíodh ar luach na n-earraí. Ina leithéid de chás, ní mór na hearraí a chóireáil seo ionas go gceadófar na hearraí a úsáid ar an gcaoi chéanna is a bhí beartaithe ag tráth na hath-easpórtála.

Ar aghaidh: Rialacha maidir le faoiseamh ó dhleacht ar earraí talmhaíochta athiompórtáilte