Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe)

Rialacha maidir le faoiseamh ó dhleacht ar earraí talmhaíochta athiompórtáilte

Baineann na rialacha breise seo a leanas le hearraí talmhaíochta a bhain leas as aisíocaíochtaí easpórtála:

  • Ní mór na haisíocaíochtaí easpórtála a aisíoc.
  • Ní mór duit na hearraí a athiompórtáil taobh istigh de 12 mhí ón dáta easpórtála. Féadann na Coimisinéirí Ioncaim ligean duit an tréimhse seo a shárú i gcúinsí eisceachtúla.

Ní mór gur ath-iompórtáladh na hearraí ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

  • Ní fhéadfaí iad a thabhairt isteach le haghaidh úsáid baile sa tír ar easpórtáladh chucu iad mar gheall ar dhlíthe na tíre sin.
  • Bhí siad lochtach, é sin nó níor chloígh siad leis an gconradh díolacháin a bhaineann leo.
  • Ní fhéadfaí iad a úsáid le haghaidh an chuspóra bheartaithe ar chúiseanna nach raibh cúisithe ag an easpórtálaí, mar seo a leanas:
    • Tugadh na hearraí ar ais chun an Aontais Eorpaigh (AE) tar éis damáiste a bheith déanta dóibh. Ní mór go ndearnadh an damáiste seo sular seachadadh na hearraí nó sular seachadadh chun an mhodha iompair ar seachadadh iad leo.
    • Easpórtáladh na hearraí lena n-ídiú nó lena ndíol ag aonach trádála nó ag imeacht den chineál céanna agus níor ídíodh nó níor díoladh iad.
    • Ní fhéadfaí na hearraí a sheachadadh mar gheall ar cheann díobh seo:
      • neamhábaltacht fhisiceach nó dhlíthiúil an cheannaitheora an conradh a chomhlíonadh faoinar easpórtáladh na hearraí
      • neamhshocraíocht nádúrtha, polaitiúla nó sóisialta, nó a bhain an ceannaitheoir amach tar éis an dáta seachadta de réir an chonartha.
    • Torthaí nó glasraí atá sna hearraí agus atá clúdaithe comheagrú an mhargaidh le haghaidh na dtáirgí sin. Sa chás seo, ní mór gur easpórtáladh na hearraí lena ndíol, ach nár díoladh iad.

Ar aghaidh: Nós imeachta ag tráth na hathiompórtála ar earraí easpórtáilte