Cártaí muirir corparáide

Úsáid ghnó amháin

Féadfaidh fostóir cárta muirir gnó a chur ar fáil d'fhostaí. Má úsáideann an fostaí an cárta chun críocha gnó amháin, ní sochar comhchineáil (SC) é seo.

Úsáid ghnó agus úsáid phríobháideach

D'Fhéadfadh fostaí an cárta a úsáid le haghaidh ceannacháin phríobháideacha agus gan an fostóir a aisíoc do na ceannacháin sin. Má tharlaíonn sé sin, is SC atá ann.

Tá luach an cheannacháin phríobháidigh inmhuirir faoin gcóras Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) maidir le:

Ina theannta sin, ba chóir an táille bhliantúil, na muirir úis agus an Dleacht Stampála a chionroinnt idir úsáid ghnó agus úsáid phríobháideach, de réir mar is cuí.