Scrúduithe, cúrsaí agus síntiúis ghairmiúla

Dámhachtainí scrúdaithe 

Féadfaidh fostóirí dámhachtaintí scrúdaithe a thabhairt dá bhfostaithe. Is iondúil go mbíonn an dámhachtain seo inchánach. Ní mór don fhostaí Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a íoc ar luach na dámhachtana. Is é a t-aon eisceach air seo ná nuair is costais aisíocaíocht incheadaithe í an dámhachtain.

Incrimintí Speisialta 

Féadfaidh fostóirí incrimint speisialta pá a thabhairt dá bhfostaithe as scrúdú a bhaint amach nó mar aitheantas ar éacht eile. Tá aon mhéadú ar phá inchánach. Ní mór don fhostaí Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a íoc ar an méid a íoctar.

Táillí cúrsa nó scrúdaithe

Féadfaidh fostóirí:

  • táillí cúrsa agus scrúdaithe a íoc d'fhostaithe
  • táillí atá íoctha ag fostaithe a aisíoc leo. 

Níl an sochar seo inchánach má bhaineann an cúrsa nó an scrúdú leis an ngnó. 

Baineann cúrsa le do ghnó má:

  • tá sé riachtanach le haghaidh dualgais na fostaíochta
  • má chabhraíonn sé le fostaithe a ndualgais oibre reatha nó amach anseo a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtaí.

Mura mbaineann an cúrsa nó an scrúdú leis an ngnó, tá an sochar inhcánach. Ní mór don fhostaí Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a íoc ar an gcostas a íocann an fostóir.

Costais scrúdaithe eile

Féadfaidh fostóir costais áirtithe a thabhaítear agus an fostaí ag staidéar le haghaidh scrúdaithe agus ag déanamh scrúdaithe a íoc gan cáin a asbhaint. Mar sin féin, ní mór na coinníollacha seo a leanas go léir a chomhlíonadh:

  • Ní mór gaol éigin a bheith ag an gcúrsa nó ag an gcáilíocht le dualgais an fhostaí.
  • Ní mór nach n-aisíocfaí leis an méid a íoctar ach costais riachtanacha cúrsa agus scrúdaithe. 
  • Féadtar na híocaíochtaí a dhearbhú le hadmhálacha
  • agus
  • go bhfuil meicníochtaí iomchuí rialachais agus rialaithe i bhfeidhm in éineacht le doiciméid tacaíochta. 

Féadfaidh ábhair chúrsa nach gcuirtear ar fáil mar chuid de tháillí an chúrsa, agus costais taistil áirithe, cáiliú mar chostais incheadaithe. Le tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual (TDM) Part 05-01-01j. 

I gcás ina n-aisíocann fostóir fostaí as trealamh teicneolaíochta a cheannach, tá an íocaíocht seo inchánach. Ní mór Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a chur i bhfeidhm ar luach an tsochair.