Scrúduithe, cúrsaí agus síntiúis ghairmiúla

Táillí cúrsaí agus scrúdaithe

Féadtar táillí cúrsaí agus scrúdaithe d'fhostaithe a íoc, nó na táillí atá íoctha acu cheana féin a aisíoc. Ní sochar incháinithe má bhaineann an cúrsa nó an scrúdú le do ghnó.

Meastar go mbaineann cúrsa le do ghnó:

  • má chabhraíonn sé le d'fhostaithe eolas a fháil atá riachtanach don ról atá acu
  • má chabhraíonn sé le d'fhostaithe a ndualgais oibre reatha nó amach anseo a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr.

Féadtar a roghnú íoc as cúrsa d’fhostaí sa chás nach mbaineann an cúrsa seo le do ghnó. Má dhéanann tú é seo, is sochar incháinithe é seo. Sa chás seo, ní mór do d’fhostaí an méid seo a leanas a íoc ar chostas an chúrsa: 

Aisíocaíocht costais

Féadtar costais d'fhostaithe a íoc nó na costais a thabhaigh siad i rith staidéar a dhéanamh ar an gcúrsa a aisíoc. Níl na costais seo incháinithe má shásaítear an dá choinníoll thíos i leith an chúrsa:

  • má bhaineann an cúrsa le do ghnó
  • má tá an cúrsa riachtanach do d’fhostaithe a gcuid dualgas oibre a chomhlíonadh.

Dámhachtainí scrúdaithe

Féadtar dámhachtainí scrúdaithe a íoc le d'fhostaithe. Is iondúil go mbíonn an íocaíocht seo incháinithe. Ní mór do d’fhostaí ÍMAT, ÁSPC agus MSU á íoc ar luach na dámhachtana. An t-aon eisceacht uaidh seo ná más aisíocaíocht costas é an dámhachtain.

Incrimintí speisialta

Féadtar incrimint speisialta pá a thabhairt do d'fhostaithe as ucht scrúdú phasáil nó chun aitheantas a thabhairt do ghaisce eile. Tá arduithe pá incháinithe. Ní mór do d’fhostaí ÍMAT, ÁSPC agus MSU á íoc ar an tsuim íoctha.

Síntiúis ghairmiúla

Má íocann tú síntiús le comhlachas gairmiúil ar son d’fhostaithe, 

is iondúil go mbíonn an íocaíocht sin incháinithe. I gcúinsí teoranta, áfach, féadtar síntiúis ghairmiúla a íoc gan cáin a asbhaint.

Féadtar síntiúis ghairmiúla a íoc ar son fostaí gan cáin a asbhaint má tá riachtanas de réir dlí ar d’fhostaí:

  • a bheith ina mball de chomhlacht gairmiúil
  • teastas nó ceadúnas gníomhach a bheith acu

Féadtar an síntiús a íoc freisin gan cáin a asbhaint sna cásanna seo:

  • go n-iarrann a ndualgais
    • go mbeadh siad ina mball de chomhlacht gairmiúil
    • go mbeadh teastas nó ceadúnas gníomhach acu
  • nach bhféadann d’fhostaithe a gcuid dualgas oibre a chomhlíonadh gan an bhallraíocht nó teastas sin.