Professional subscriptions

Féadfaidh fostóirí síntiús a íoc le comhlacht gairmiúil dá bhfostaithe. Is iondúil go mbíonn an íocaíocht seo inchánach. Ní mór don fhostaí Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a íoc ar luach an tsíntiúis ghairmiúil. 

Mar sin féin, i gcúinsí teoranta agus srianta féadann fostóirí síntiúis ghairmiúla a íoc gan cáin a asbhaint.

Cén uair a bhíonn síntiús saor ó cháin?

Féadann fostóirí sintiúis ghairmiúla a íoc d'fhostaí gan cáin a asbhaint sna cásanna seo a leanas:

Ceanglas an dlí

Tá ceanglas dlíthiúil ann d'fhostaí:

  • a bheith mar bhall de chomhlacht gairmiúil
  • teastas nó ceadúnas cleachta a bheith aige. 

Riachtanach le haghaidh dualgais shonracha

Sa chás nach riachtanas dlíthiúil í ballraíocht, ach go bhfuil sé riachtanach chun go gcomhlíonfaidh an fostaí a raon iomlán dá dhualgais. 

Riachtanas tráchtála

Sa chás go bhfuil an bhallraíocht nó an deimhniú ag teastáil chun go mbeidh an gnó in ann a bheith i mbun trádála. Mar shampla, tá ballraíocht ag teastáil chun polasaí árachais slánaíochta an fhostóra a bhailíochtú. 

Coinníoll riachtanach fostaíochta 

Is coinníoll éigeantach den phost í an bhallraíocht nó an deimhniú. Léirítear é seo de ghnáth sa chás:

  • gur ceanglas é i gconradh an fhostaí, 
  • nach mór do gach fostaí atá sa ról céanna an bhallraíocht a bheith acu
  • agus
  • go bhfógraítear don ról céanna an deimhniú ballraíochta mar riachtanas poist. 

Go ginearálta, ní fhéadtar ach síntiús gairmiúil amháin in aghaidh an fhostaí a chur ar fáil saor ó cháin. Tá feidhm aige seo sa chás go gcuireann ballraíochtaí iomadúla ar chumas an fhostaí na dualgais chéanna nó chomhchosúla a chomhlíonadh.