Suimeanna fóirdheontais a aisíoc leis na Coimisinéirí Ioncaim

Tabhair do d’aire:

Chríochnaigh an SFSP ar an 31 Lúnasa 2020 agus tháinig an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta ina áit. Is chun críocha tagartha atá an t-eolas ar an leathanach seo.

I roinnt cásanna, féadfaidh sé go gcinnfidh fostóir, nó go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim treoir a thabhairt d’fhostóir, cuid den tsuim aisíocaíochta fóirdheontais a fuarthas faoin SFSP, nó í uile, a aisíoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá áis ar fáil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) leis na haisíocaíochtaí seo a dhéanamh.

Cén chaoi le haisíocaíochtaí a dhéanamh

Sínigh isteach ar do chuntas ROS agus in Íocaíochtaí agus Aisíocaíochtaí:

  • Roghnaigh 'SFSP (Fostóra) 2020'.
  • Léireofar '26 Márta – 31 Lúnasa'.
  • Cuir isteach suim an fhóirdheontais is mian leat a aisíoc.

Seolfar admháil íocaíochta chuig do Bhosca Isteach ROS.

Ní bheidh an aisíocaíocht seo le feiceáil ar do Ráiteas Cuntais ROS, ach leithdháilfear í i leith d’iarmhéid SFSP.

Tabhair do d’aire:

Níor chóir úsáid a bhaint as sonraí cuntais bainc na gCoimisinéirí Ioncaim a cuireadh ar fáil cheana le haghaidh aisíocaíochtaí SFSP.

Céard ba chóir a chur san áireamh san aisíocaíocht?

Nuair atá aisíocaíocht SFSP á dhéanamh, cinntigh nach n-aisíoctar ach suimeanna na n-íocaíochtaí SFSP leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ná cuir san áireamh aon íocaíochtaí maidir le Cáin Ioncaim ná Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a aisíocadh.

Aisíocaíocht Cánach Ioncaim nó MSU

Ní mór Cáin Ioncaim nó MSU a aisíoc ar leithligh, ag baint úsáid as 'ÍMAT-Fostóra’ in ROS. Cinnteoidh sé seo go léirítear an íocaíocht i gceart in iarmhéid 'ÍMAT-Fostóra' an fhostóra.

Má tá aisíocaíocht déanta agat cheana féin

Féadfaidh sé go ndearna tú aisíocaíocht SFSP leis na Coimisinéirí Ioncaim cheana féin ag baint úsáid as aistriú bainc agus nár chuir tú na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoin íocaíocht fós. Más amhlaidh atá an scéal, seol deimhniú chuig Oifig an Ard-Bhailitheora trí M’Fhiosruithe in ROS:

  • Roghnaigh ‘Seachas ceann acu thuas’.
  • Roghnaigh ‘Aisíocaíocht Dúblach COVID’.
  • Cuir sonraí na híocaíochta ar fáil, lena n-áirítear an Tagairt Babhta Párolla cuí.