Faoiseamh i leith Leanbh Altrama

Bronntanais agus oidhreachtaí a tógadh ó ghaolta áirithe de chuid tuismitheora altrama

tairseach Ghrúpa B ar fáil ar bhronntanais agus oidhreachtaí a tógadh ó ghaolta áirithe tuismitheora altrama.  Beidh feidhm ag an bhfaoiseamh sa chás go gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

Coinníoll 1

Cuireadh an tairbhí faoi chúram altrama duine (an tuismitheoir altrama) faoi:

  • Na Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí i gCúram Altrama) 1995
  • Na Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí le Gaolta) 1995.

Ní mór gur thóg an tairbhí an bronntanas nó an oidhreacht ar an 18 Nollaig 2023, nó dá éis ó:

  • dhírshinsear an tuismitheora altrama
  • leanbh an tuismitheora altrama
  • leanbh de chuid an pháirtnéara shibhialta de chuid an tuismitheora altrama
  • deartháir nó deirfiúr de chuid an tuismitheora altrama.

Sampla 1

Cuirtear Sinéad faoi chúram altrama duine faoi na Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí i gCúram Altrama) 1995. 5 bliana ina dhiaidh sin, faigheann Sinéad bronntanas €10,000 ó mháthair an tuismitheora altrama (dírshinsear). Dá bhrí sin, féadtar tairseach Ghrúpa B a chur i bhfeidhm agus an cháin iníoctha ar an mbronntanas €10,000 á ríomh.

Coinníoll 2

Le linn don tairbhí a bheith níos óige ná 18 mbliana d’aois:

  • bhí cónaí orthu leis an duine (an tuismitheoir altrama) ar feadh 5 bliana ar a laghad san iomlán
  • agus
  • bhí siad á gcoinneáil agus faoi chúram an tuismitheora altrama ar chostas an tuismitheoir altrama féin.

Ní mór gur thóg an tairbhí an bronntanas nó an oidhreacht ar an 18 Nollaig 2023, nó dá éis ó:

  • dhírshinsear an tuismitheora altrama
  • leanbh an tuismitheora altrama
  • leanbh de chuid an pháirtnéara shibhialta de chuid an tuismitheora altrama
  • deartháir nó deirfiúr de chuid an tuismitheora altrama.

Sampla 2

Ó 10 mbliana d’aois ar aghaidh, bhí cónaí ar Mharcas le duine eile, Tomás. Bhí Marcas á choinneáil agus faoi chúram ag Tomás, ar chostas Thomáis féin ar feadh tréimhse leanúnach 6 bliana. 20 bliain ina dhiaidh sin, fuair Marcas €10,000 le hoidhreacht ó dheirfiúr Thomáis, Áine. Dá bhrí sin, féadtar tairseach Ghrúpa B a chur i bhfeidhm agus an cháin iníoctha ag Marcas ar an oidhreacht €10,000 ó Áine á ríomh.

 

Ar aghaidh: Bronntanais agus oidhreachtaí tógtha ó dhaoine aonair eile a bhí altramaithe ag an tuismitheoir altrama céanna