Faoiseamh i leith Leanbh Altrama

Bronntanais agus oidhreachtaí tógtha ó dhaoine aonair eile a bhí altramaithe ag an tuismitheoir altrama céanna

Tá tairseach Ghrúpa B ar fáil ar bhronntanais agus oidhreachtaí a tógadh ó dhaoine aonair eile a bhí altramaithe ag an tuismitheoir altrama céanna. Beidh feidhm ag an bhfaoiseamh sa chás go gcomhlíontar ceann amháin nó an dá choinníoll seo a leanas:

Coinníoll 1

Cuireadh an tairbhí agus an duine a chur an bronntanas nó an oidhreacht ar fáil faoi chúram altrama an duine chéanna faoi:

  • na Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí i gCúram Altrama) 1995.
  • na Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí le Gaolta) 1995.

Ní mór gur thóg an tairbhí an bronntanas nó an oidhreacht ar an 18 Nollaig 2023, nó dá éis.

Beidh feidhm ag an bhfaoiseamh fiú má tharla na socrúcháin altrama ag amanna éagsúla.

Coinníoll 2

Le linn don tairbhí agus an duine a chur an bronntanas nó an oidhreacht ar fáil a bheith níos óige ná 18 mbliana d'aois:

  • bhí cónaí ar an mbeirt acu leis an duine céanna ar feadh 5 bliana ar a laghad san iomlán
  • agus
  • bhí an bheirt acu á gcoinneáil agus faoi chúram an duine ar chostas an duine féin.

Ní mór gur thóg an tairbhí an bronntanas nó an oidhreacht ar an 18 Nollaig 2023, nó dá éis

Beidh feidhm ag an bhfaoiseamh fiú má tharla na socrúcháin altrama ag amanna éagsúla.

Ar aghaidh: An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh