Faoiseamh i leith Leanbh Altrama

An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh

Chun an Faoiseamh i leith Leanbh Altrama a éileamh, ní mór duit Form IT38 Tuairisceáin Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) a thíolacadh ar líne.  Ní mór duit an tuairisceán a thíolacadh trí MoChúrsaí Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Chun an faoiseamh a éileamh ar do thuairisceán IT38:

  • roghnaigh an gaol iarbhír ón roghchlár anuas 'An Gaol idir an  Tairbhí agus an Diúscróir' ar an leathanach 'Sonraí an Diúscróra'.
  • agus
  • cuir tic le 'Faoiseamh i leith Leanbh Altrama' ar an leathanach 'Faoisimh & Díolúintí'.

Ba chóir duit fianaise dhoiciméadach ar incháilitheacht a choinneáil ar feadh 6 bliana ó dháta an éilimh.