Faoiseamh i leith Leanbh Altrama

Bronntanais agus oidhreachtaí tógtha ó thuismitheoir altrama

Tá tairseach Ghrúpa A ar fáil ar bhronntanais agus oidhreachtaí a tógadh ó thuismitheoir altrama. Beidh feidhm ag an bhfaoiseamh sa chás go gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

Coinníoll 1

Cuireadh an tairbhí faoi chúram altrama an duine a chur an bronntanas nó an oidhreacht ar fáil faoi:

  • na Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí i gCúram Altrama) 1995
  • Na Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí le Gaolta) 1995.

Coinníoll 2

Le linn don tairbhí a bheith níos óige ná 18 mbliana d’aois:

  • bhí cónaí orthu leis an duine a chur an bronntanas nó an oidhreacht ar fáil ar feadh 5 bliana ar a laghad san iomlán
  • agus
  • Bhí siad á gcoinneáil agus faoi chúram an duine sin ar chostas an duine féin.

Roimh an 18 Nollaig 2023, sa chás nár comhlíonadh ach Coinníoll 1, ní raibh feidhm ag an bhfaoiseamh ach amháin maidir le hoidhreachtaí.  Sa chás gur comhlíonadh Coinníoll 2, nó gur comhlíonadh an dá choinníoll, cuireadh an faoiseamh i bhfeidhm maidir le bronntanais agus oidhreachtaí araon.

Ar aghaidh: Bronntanais agus oidhreachtaí a tógadh ó ghaolta áirithe de chuid tuismitheora altrama