Cáin Phrobháide

Maoin nach bhfuil faoi dhliteanas na Cánach Probháide

An bhfuil aon mhaoin nach bhfuil faoi dhliteanas na cánach?

Ní áirítear sa Cháin Phrobháide maoin nach dtagann faoi uacht ná díthiomnacht an duine éagtha. Mar shampla, comh-úinéirí nó fáltais na bpolasaithe saoil scríofa in iontaobhas.

Níl maoin atá lonnaithe taobh amuigh d’Éirinn faoi dhliteanas na Cánach Probháide ach amháin má bhí an diúscróir cónaitheach nó gnáthchónaitheach in Éirinn ar dháta an bháis. I gcás daoine a bhfuil sainchónaí orthu thar lear, tá an fhoráil seo maolaithe go dtí an 1 Nollaig 2004. Tá maoin atá lonnaithe in Éirinn ar dháta an bháis faoi dhliteanas na Cánach Probháide, is cuma sainchónaitheacht ná cónaitheacht an diúscróra.

Ar aghaidh: Cé atá faoi dhliteanas an Cháin Phrobháide a íoc?