Cáin Phrobháide

Faoiseamh le haghaidh céilí

Tabhair do d’aire

Tháinig an reachtaíocht maidir le Páirtnéireachtaí Sibhialta i bhfeidhm in 2011 agus dá bhrí sin níl tionchar ag an gCáin Phrobháide ar pháirtnéirí sibhialta.

Faoiseamh le haghaidh céile marthanach

Maolófar go náid an cháin a ghearrtar maoin a aistrítear go habsalóideach go céile. Sa chás go bhfaigheann céile ús saoil teoranta i maoin, cuirtear siar an cháin a iompraíonn an mhaoin go dtí bás an chéile mharthanaigh. Ní ghearrfar ús ar an gcoinníoll go n-íocfar an cháin a cuireadh siar taobh istigh de 9 mí ó dháta an bháis.

Faoiseamh sa chás go bhfaigheann céilí bás taobh istigh d’achar gairid

Leis an bhfaoiseamh, díolmhaítear maoin ón dara muirear Cánach Probháide sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

  • go bhfuil an mhaoin faoi dhliteanas cánach ar bhás céile amháin
  • agus
  • go dtagann an mhaoin faoi dhliteanas cánach arís ar bhás an chéile mharthanaigh taobh istigh de chúig bliana, agus go bhfágann an céile marthanach leanbh cleithiúnach ina dhiaidh/diaidh.

Sa chás go bhfaigheann an céile marthanach bás taobh istigh de bhliain amháin, ní fheidhmítear an riachtanas maidir le leanbh cleithiúnach.

Ar aghaidh: Maoin nach bhfuil faoi dhliteanas na Cánach Probháide