Cáin Phrobháide

Léargas ginearálta

Baineann Cáin Phrobháide le heastát inar tharla bás idir an 18 Meitheamh 1993 agus an 5 Nollaig 2000. Is le dáta an bháis a chinntear na tairseacha saor ó cháin a bheidh i bhfeidhm. Is é an ráta Cánach Probháide ná 2%.

Gearrtar Cáin Phrobháide chomh maith leis an gCáin Fáltas Caipitiúil (CFC).

Cuireadh deireadh le Cáin Phrobháide ar eastáit ina bhfuair an duine éagtha bás ar an 6 Nollaig 2000 nó dá éis.

Tabhair do d’aire

Ní bhaineann an t-eolas tugtha sa chuid seo ar Cháin Phrobháide ach amháin maidir le bás a tharla idir an 18 Meitheamh 1993 agus an 5 Nollaig 2000.

Ar aghaidh: Cén uair atá Cáin Phrobháide iníoctha?