Cáin Phrobháide

Cén uair atá Cáin Phrobháide iníoctha?

Tá an Cáin Phrobháide iníoctha ag an am a chuirtear an Mhionscríbhinn Ioncaim Intíre (Foirm CA24) ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim. Ní bhaineann sé seo ach le básanna a tharla idir an 18 Meitheamh 1993 agus an 5 Nollaig 2000.

Ní mór na Foirmeacha Féinmheasúnaithe Cánach Probháide PT1 agus PT2 agus an Fhoirm CA24 a chomhlánú i ndúblach. Ní mór na foirmeacha eile a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim ag an am céanna. Ní mór na foirmeacha PT1 agus PT2 a chomhlánú is cuma cé acu an bhfuil aon dliteanas cánach probháide ann nó nach bhfuil.

Mura bhfuarthas íocaíocht, tá ús ag 1% in aghaidh na míosa inmhuirir tar éis naoi mí ó dháta an bháis. Ní fhéadann aon ús dá leithéid a d’fhéadfaí a thabhú a bheith níos mó ná suim na cánach dlite.

Ba chóir foirmeacha a thíolacadh do:

Na Coimisinéirí Ioncaim
An Rannóg Cánacha Pearsanta
Cáin Fáltas Caipitiúil (Cáin Phrobháide)
9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtarach
Baile Átha Cliath 1
D01 YT32

Ar aghaidh: Tairseacha