Cáin Phrobháide

Cé na díolúintí agus na hasbhaintí a cheadaítear?

Tá díolúine iomlán ó Cháin Phrobháide ag eastáit a bhfuil luach incháinithe acu atá níos lú ná an tairseach chuí.

Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire go mbeidh an t-eastát iomlán faoi dhliteanas cánach nuair atá an luach incháinithe níos mó ná an tairseach chuí. Tá na hasbhaintí seo a leanas ón eastát comhlán incheadaithe agus luach incháinithe an eastáit á ríomh:

  • fiachais an duine éagtha dlite ag dáta an bháis agus costais sochraide
  • 30% de luach na talún talmhaíochta agus na bhfoirgneamh
  • luach an tí chónaithe lena n-áirítear talamh suas le haon acra agus an gnáthinneachar, má fhaigheann leanbh cleithiúnach nó gaol cleithiúnach é le hoidhreacht
  • luach na maoine chun críocha poiblí nó carthanúla
  • luach na sochar aoisliúntais
  • luach na bhfáltas ó pholasaithe árachais áirithe, chomh fada agus a úsáidtear iad leis an gcáin agus/nó an cháin oidhreachta a íoc
  • luach na maoine oidhreachta atá faoi réir coinníollacha áirithe
  • luach urrús áirithe sa chás go raibh an duine éagtha cónaitheach agus gnáthchónaitheach taobh amuigh den Stát.

Ar aghaidh: Faoiseamh le haghaidh céilí