Faoisimh agus díolúintí

Aistriú cónaitheachta

Más duine aonair phríobháideach thú atá ag aistriú do ghnátháit chónaithe go buan chuig an Stát ón gcoigríoch, féadfaidh sé go bhfuil feidhm ag an bhfaoiseamh seo. Is gá duit fós d’fheithicil a chlárú, ach féadfaidh sé go bhfuil an clárúchán díolmhaithe ón gCain Chlárúcháin Feithicle (CCF).

Tá eolas faoi fhaoiseamh ó Dhleacht Custam agus ó Cháin Bhreisluacha (CBL) ar fheithiclí a iompórtáladh ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) ar fáil ar:

Riachtanais ghnáthchónaitheachta

Maidir le do ghnátháit chónaithe go ginearálta:

  • is é an áit ina bhfuil gnáthchónaí ort ar feadh 185 lá ar a laghad gach bliain féilire atá i gceist, mar gheall go bhfuil cheangail ghairme agus phearsanta agat
  • má tá cónaí ort in dhá thír éagsúla mar gheall ar cheangail ghairme agus phearsanta, is é an tír ina bhfuil do cheangail pearsanta atá i gceist, ar an gcoinníoll:
    • go dtagann tú ar ais go dtí an tír sin go minic
    • go bhfuil tú ag obair ar an gcoigríoch ar thasc ar feadh tréimhse chinnte de níos lú ná bliain amháin.
  • níl tionchar air de thoradh cónaí ar an gcoigríoch le haghaidh staidéir.

Le bheith incháilithe ní mór duit a chruthú:

  • go raibh gnáthchónaitheacht agat ar an gcoigríoch
  • agus
  • go bhfuil tú ag dul chun gnáthchónaitheachta sa Stát. 

Beidh fianaise ag teastáil uait, ón gcoigríoch agus sa Stát araon, maidir le:

  • áit chónaithe a fháil agus a dhiúscairt (mar shampla, comhaontuithe cíosa, doiciméid mhorgáiste agus íocaíochtaí cíosa nó morgáiste)
  • fostaíocht (mar shampla, duillíní pá, taifid chánach agus taifid leasa shóisialaigh)
  • maireachtáil lá go lá (ráitis bhainc nó doiciméid idirbheartaíochta, billí nó admhálacha le haghaidh leictreachais, fón, táillí seirbhíse agus costais mhaireachtála ó lá go lá nach iad)
  • agus
  • taisteal isteach agus amach ón tír.

Riachtanais feithicle

Ní mór don fheithicil:

  • a bheith mar mhaoin phearsanta agat
  • a bheith i do sheilbh agus in úsáid agat ar feadh sé mhí ar a laghad roimh chónaitheacht a aistriú. Ní chuirtear san áireamh aon seilbh ná úsáid sa Stát, fiú amháin le linn tréimhsí a bhí tú i do chónaí ar an gcoigríoch.
  • a bheith tugtha isteach sa Stát taobh istigh de 12 mhí ó dháta d’aistriú cónaitheachta
  • agus
  • a bheith íoctha go hiomlán ó thaobh cánach agus dleachta.

I gcúinsí teoranta áirithe féadfaidh sé go gcáilíonn feithiclí a fuarthas saor ó cháin agus ó dhleacht le haghaidh an fhaoisimh. Áiritear leis seo feithiclí a sholáthraítear faoi shocruithe taidhleoireachta nó consalachta nó chuig misin de chuid na Náisiún Aontaithe. I gcásanna mar seo, ní mór na feithiclí a bheith i do sheilbh agus in úsáid agat ar feadh 12 mhí roimh chónaitheacht a aistriú.

De ghnáth is iad seo a leanas an cruthúnas atá ag teastáil maidir leis an bhfeithicil:

  • doiciméad cláraithe feithicle
  • deimhniú árachais
  • admháil cheannacháin
  • ticéad farantóireachta le taispeáint cén uair a tháinig an fheithicil isteach sa Stát
  • fianaise ar úsáid na feithicle ar an gcoigríoch, mar shampla, taifid seirbhíse agus chothabhála agus fianaise gur íocadh mótarcháin.

Srianta

Éiríonn an faoiseamh CCF de bheith iníoctha go hiomlán má dhíolann tú nó má dhiúscraíonn tú an fheithicil taobh istigh de 12 mhí tar éis clárúcháin.

Ní cháilíonn tú:

  • má bhí tú ar an gcoigríoch ar thasc thar thréimhse chinnte 
  • agus
  • má tugadh faoiseamh den chineál céanna duit i leith feithicil sna cúig bliana roimhe. 

Iarratais

Má tá tú ag bogadh ó thaobh istigh den AE, ní mór duit d’iarratas a thíolacadh chuig An tSeirbhís Náisiúnta CCF tríd M’Fhiosruithe más féidir.  Mura bhfuil teacht agat ar achmhainní ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim, déan teagmháil leis an Oifig ainmnithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tabhair do d’aire

Ní mór duit an fheithicil a chlárú taobh istigh de 30 lá ó í a thabhairt isteach sa Stát.  Ba chóir duit coinne a dhéanamh leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) laistigh de seacht lá oibre ón uair a thagann an fheithicle isteach sa Stát.

Chun Faoiseamh Aistriú cónaitheachta ó CCF a éileamh, ní mór duit Foirm Iarratas ar Aistriú Cónaitheachta agus doiciméid tacaíochta iomlán a thíolacadh chuig an An tSeirbhís Náisiúnta CCF. Ba choir duit an faoiseamh a éileamh laistigh de sheacht lá ón uair a thagann an fheithicil isteach sa Stát.  Má cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim d’éileamh ar Aistriú Cónaitheachta, ansin ní bheidh aon CCF in-íoctha nuair a chláraínn tú an fheithicle.  Déan iarratas in am trátha ar fhaoiseamh ar Aistriú Cónaitheachta, ionas gur féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim d’éileamh a phróiseáil sula gcláróidh tú an fheithicil.

Tabhair do d’aire: má chláraíonn tú an fheithicil sula ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim éileamh ar Aistriú Cónaitheachta,  beidh ort CCF a íoc nuair a chláróidh tú. Má cheadaítear d’éileamh ar Aistriú Cónaitheachta ina dhiaidh sin, aisíocfar aon CCF a íocann tú laistigh de cúig lá oibre ón uair a dheonaítear an faoiseamh.

Má tá tú ag bogadh ó áit taobh amuigh den AE, ní mór duit iarratas a dhéanamh ag an oifig Custam ag an bpointe ina dtagann tú isteach sa Stát. 

Ar aghaidh: Scéim do dhaoine faoi mhíchumas