Gníomhaire cánach nó seirbhís cánach a úsáid

Athruithe le déanaí ar údaruithe do ghníomhairí cánach

Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis an phróiseas A2 do cháiníocóirí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) a tharraingt siar ón 31 Nollaig 2025. Lig an áis seo do cháiníocóirí ÍMAT údarú a thabhairt le haghaidh aisíocaíochtaí a íoc isteach i gcuntas bainc a ngníomhaire.

Tabhair do d'aire

Ba cheart duit na sonraí bainc ar do thaifead moChúrsaí a sheiceáil lena chinntiú gurb iad do chuid féin atá ann. Cinnteoidh sé seo go ndéanfar aon aisíocaíocht amach anseo a íoc díreach chugat gan mhoill.

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim an obair luachmhar a dhéanann gníomhairí chun cabhrú lena gcliaint a n-oibleagáidí cánach agus dleachta a chomhlíonadh go deonach. Ní chuirfidh na hathruithe seo cosc ar cháiníocóirí ÍMAT gníomhaire a fhostú chun a dtuairisceáin ÍMAT a thíolacadh.