Gníomhaire cánach nó seirbhís cánach a úsáid

Gníomhaire a bhaint agus sonraí cuntais bainc a thabhairt cothrom le dáta

Féadtar gníomhaire a bhaint ó do thaifead leis na Coimisinéirí Ioncaim ag am ar bith. Ní mór duit sonraí cuntais bainc atá sábháilte i do phróifíl ar moChúrsaí a thabhairt cothrom le dáta má:

  • thug tú údarú roimhe seo do ghníomhaire aisíocaíochtaí a fháil thar do cheann
  • agus
  • tá deireadh curtha agat leis an gcaidreamh leo.

Mura mbainfidh tú do ghníomhaire ó do thaifead leis na Coimisinéirí Ioncaim, leanfaidh siad orthu ag fáil comhfhreagras agus beidh rochtain acu ar do thaifead. Molann na Coimisinéirí Ioncaim duit do ghníomhaire a chur ar an eolas go díreach nach dteastaíonn a gcuid seirbhísí uait a thuilleadh.

Má theastaíonn uait gníomhaire a bhaint ó do thaifead, féadtar:

  • síniú isteach ar moChúrsaí agus an gníomhaire a bhaint trí na cluaisíní ‘Mo Phróifíl’ nó ‘Bainistigh mo Thaifead’
  • iarratas a dhéanamh trí M’Fhiosruithe in moChúrsaí
  • nó
  • iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig d'oifig áitiúl de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Féadtar freisin do shonraí cuntais bainc a thabhairt cothrom le dáta  sna rannáin 'Mo Phróifíl' nó 'Bainistigh mo Thaifead' in moChúrsaí.

Sa chás gur thug tú údarú roimhe seo do ghníomhaire aisíocaíochtaí a fháil thar do cheann, ní mór duit na sonraí cuntais bainc a thabhairt cothrom le dáta i do phróifíl ar moChúrsaí. Mura ndéanann tú é seo, d'fhéadfadh gach aisíocaíocht amach anseo a bheith íoctha isteach i gcuntas bainc do ghníomhaire.

Tabhair do d'aire

Cuireadh deireadh leis an áis a lig do ghníomhairí Íoca Mar A Thuillir (ÍMAT) aisíocaíochtaí a fháil thar ceann a gcliant ar an 25 Nollaig 2025. Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní fhéadtar aisíocaíochtaí a phróiseáil ach chuig do chuntas bainc féin.

Ar aghaidh: Do fhreagrachtaí